Mainistir Thír Dhá Ghlas

Bhí Mainistir Thír Dhá Ghlas le fáil san áit a bhfuil sráidbhaile Thír Dhá Ghlas anois i gContae Thiobraid Árann,[1] ar bhruach thoir thuaidh Locha Dheirg, mar a dtagann an tSionainn isteach.

Bhunaigh Colm Cille Thír Dhá Ghlas (a fuair bás ar an 13 Nollaig 552) an mhainistir in 549. Ba é mac Choilm mhic Chriomhthainn (Colum mac Crimthainn) é agus b’apstal é d’Fhionán, naomh a bhunaigh Mainistir Chluain Ioraird.[2] Ba dhuine é de Dháréag Apstal na hÉireann.[3]

StairCuir in Eagar

Rinneadh ionad mór léinn den mhainistir. Is ann a scríobhadh an Leabhar Laighneach timpeall na bliana 1160, leabhar atá i dtaisce anois i gColáiste na Tríonóide. Díolaim mhór é de stair, de scéalta agus de dhánta i Meán-Ghaeilge, agus is dócha gurbh iad Áed Ua Crimthainn, ab de chuid an 12ú haois, agus cuid dá dhaltaí a rinne é.[4]

Deir na hannnála gur tharla dóiteán in 801: “Tír Da Ghlas do losccadh”.[5]

In 843, mar a deir na hannála, d’ionsaigh na Lochlannaigh (na “Gaill”) Tír Dhá Ghlas dhá uair.

843. Orgain Dúin Mascc la Gallaibh, dú in ro gabhadh Aodh, mac Duibh Dha Chríoch, abb Tíre Dá Ghlas, & Cluana h-Eidhneach, & ruccsat leó é i Mumhain, & ro fodaimh martra ar Dia, & ro marbhadh Ceithernach, mac Con Dinaisg, prióir Chille Dara, co sochaidhibh oile amaille friu, isin orccain cédna.[5]
Argain [creach] Dhún Másc ag Gaill, mar ar gabhadh Aodh, mac Dhuibh Dhá Chríoch, ab Thír Dhá Ghlas agus Chluain Eidhneach, agus rugadh leo é i Mumhain, agus rinneadh mairtíreach de ar son Dé, agus maraíodh Ceithearnach, mac Con Dionaisc, prióir Chill Dara, agus mórán eile maille leo, san argain chéanna.

Agus arís:

843. Slóighedh la Tuirgheis, tigherna Gall for Loch Ribh, co ro airccseat Connachta & Midhe, & ro loiscseat Cluain Mic Nóis cona derthaighibh, & Cluain Fearta Brénainn, Tir Dá Ghlas, Lothra, & cealla iomdha archena.[5]
Sluaíocht ag Tuirgheas, tiarna Gall, ar Loch Ribh, gur chreach siad Connachta agus Mí, agus loisc siad Cluain Mhic Nóis lena haireagail, Cluain Fearta Bhréanainn, Tír Dhá Ghlas agus mórán mainistreacha eile.

In 1164 dódh an mhainistir arís.[4] Áitítear gur atógadh í agus gur dócha go bhfuair Canónaigh Rialta Agaistín seilbh uirthi.[6]

Abaí agus eagnaitheCuir in Eagar

Seo liosta as na hannála d’abaí agus d’eagnaithe a bhain le Mainistir Thír Dhá Ghlas:

  • 584. S. Nat Caoimhe, abb Tíre Da Ghlas, brathair Caoimhghin, do écc an céd lá do Maii. (Naomh Nathchaoimhe, ab Thír Dhá Ghlas, a d’éag an chéad lá de Mhí na Bealtaine.)[5]
  • 624. S. Colman Stellan ó Tír Da Ghlas d'ég, 26 Maii. (Naomh Colmán Steallán ó Thír Dhá Ghlas a d’éag, 26 Mí na Bealtaine.)[5]
  • 717. Quies. Manchain Léith, & Congertaig, abb Tíre da Glass. (Bás Mhancháin Léith agus Choingeartaigh, ab Thír Dhá Ghlas.)[7]
  • 740. Moenchine, abb Tómma Gréne, & Cilline, abb Tíre da Glass. (Maenchaine, ab Thuaim Gréine, agus Cilline, ab Thír Dhá Ghlas.)[7]
  • 747. Maol Tuile, abb Tíre Dá Glas, d'écc. (Maol Tuile, ab Thír Dhá Ghlas, a d’éag.)[5]
  • 809. Blathmac, mac Aolgusa, abb Tíre Da Ghlas. (Bláthmhac, mac Aolghusa, ab Thír Dhá Ghlas.)[5]
  • 784. Quies Cumascaich, abb Tire da Glas. (Bás Chumascaigh, ab Thír Dhá Ghlas.)[7]
  • 844. Orgain Duin Masc h-i torchair Aed macc Duib da Chrich, ab Tire da Glass. (Argain Dhún Másc inar thit Aodh mac Duibh dá Chríoch, ab Thír Dhá Ghlas.)[7]
  • 851. Carthach, abb Tíre Dá Ghlais. (Cárthach, ab Thír Dhá Ghlas.)[5]
  • 851. Andlidh, eccnaidh Tire Da Ghlais. (Ainnlí, eagnaí Thír Dhá Ghlas.)[5]
  • 856. Tiopraide Banbhan, abb Tíre Da Ghlas. (Tiobraí Banbhan, ab Thír Dhá Ghlas.)[5]
  • 875. Ceallach, egnaidh Tíre Dá Glais, d'écc. (Ceallach, eagnaí Thír Dhá Ghlas, a d’éag.)[5]
  • 881. Corbmac, mac Ceithearnaigh, prioir Tíre Dá Ghlas & Cluana Fearta Brénainn, & an dara tighearna boí an tan-sin for Loch Riach. (Cormac, mac Cheithearnaigh, prióir Thír Dhá Ghlas agus Chluain Fearta Bhréanainn, agus an dara tiarna a bhí ar Loch Riach an uair sin.)[5]
  • 895. Quies Muíl Petuir m. Cuáin, abb Tíre da Glass & Cluana Ferta Brenainn. (Bás Mhaoil Pheadair mac Cuain, ab Thír Dhá Ghlas agus Chluain Fearta Bhréanainn.)[7]
  • 898. Maol Ciaráin, abb Tire Dá Glas, & Cluana h-Eidhnech. (Maol Chiaráin, ab Thír Dhá Ghlas agus Chluain Eidhneach.)[5]
  • 965. Quies Dúnchada, abb Tíre dá Glas. (Bás Dhonncha, ab Thír Dhá Ghlas.)[7]
  • 1008. Quies Celechair meicc Duind Chuan, abb Tire da Glas. (Bás Chéileachair mhic Dhoinn Chuan, ab Thír Dhá Ghlas.)[7]

NótaíCuir in Eagar

  1. http://www.logainm.ie/46100.aspx
  2. "St. Columba of Terryglass," Catholic Encyclopedia: http://www.newadvent.org/cathen/04135a.htm
  3. The Twelve Apostles of Erin
  4. 4.0 4.1 Petra S. Helmuth, “Lebor Laignech,” lgh 1125-6, in Koch, John (eag.) (2006). Celtic Culture: An Historical Encyclopedia. ABC-CLIO.
  5. 5.00 5.01 5.02 5.03 5.04 5.05 5.06 5.07 5.08 5.09 5.10 5.11 5.12 Annála na gCeithre Máistrí: https://celt.ucc.ie/published/G100005A/index.html
  6. “The following ruins are situated in Terryglass parish.” Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0530, lch 350: https://www.duchas.ie/en/cbes/4922121/4854135/4950995
  7. 7.0 7.1 7.2 7.3 7.4 7.5 7.6 Annála Inis Faithlinn: https://celt.ucc.ie/published/G100004/index.html