Táirgtear fíonta Éireannacha go príomha in oirdheisceart na hÉireann, ach tá cúpla fíonghort in áiteanna eile freisin. Measann an Coimisiún Eorpach gur táirgeoir fíona í Éire, ach tá an tionscal an-bheag ansin faoi láthair.[1]

Aeráid cuir in eagar

De bharr na haeráide, ní hí an tír is fearr í Éire le fíniúnacha a shaothrú inti. Mar sin féin, d’fhéadfadh athrú aeráide é seo a athrú.[2]

Fíonta torthaí cuir in eagar

Chomh maith le fíonchaora, déantar fíonta as torthaí eile in Éirinn freisin, mar shampla sméara dubha, sútha talún, sútha craobh agus cuiríní dubhadearga.[3]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "The Wineries of Ireland" (Béarla). Dáta rochtana: 2022-12-02.
  2. "The Past, Present and Future of Winemaking in Ireland" (Béarla). TheTaste.ie (2017-07-02). Dáta rochtana: 2022-12-02.
  3. "Who says Ireland can’t have a wine industry of its own?" (Béarla). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-12-02.