Is í an fhíréantacht an caighdeán nó an staid a bhaineann le bheith ceart ó thaobh na moráltachta de agus inchosanta.[1] Is féidir a mheas go bhfuil sí comhchiallach le "cirte" nó a bheith "ionraic". Is féidir é a fháil i reiligiúin de chuid na hIndia agus i dtraidisiúin Abrahámacha, i measc reiligiúin eile, mar choincheap diagachta. Mar shampla, ó pheirspictíochtaí éagsúla, san Hiondúchas, sa Bhúdachas, in Ioslam, sa Chríostaíocht agus sa Ghiúdachas, meastar gur tréith í a thugann le tuiscint go bhfuil údar le gníomhartha duine, agus go bhféadfadh a rá go bhfuil an duine “measta” nó “ceaptha” mar dhuine atá saol aige/aici atá taitneamhach do Dhia.

Sanasaíocht cuir in eagar

Sa Bhíobla Eabhraise, léiríonn na focail צַדִּיק tzedek (an fhíréantacht), משפט עברי mishpat (an breithiúnas) agus דין din (ag cloí leis an dlí).[2]

Eitic nó fealsúnacht mhorálta cuir in eagar

Brainse mór den fhealsúnacht is ea an eitic, a chuimsíonn an t-iompar ceart agus an bheatha mhaith. Deir Rushworth Kidder;standard definitions of ethics have typically included such phrases as 'the science of the ideal human character' or 'the science of moral duty. Sainmhíníonn Richard William Paul agus Linda Elder an eitic mar a set of concepts and principles that guide us in determining what behavior helps or harms sentient creatures. Deirtear i bhFoclóir Fealsúnachta Cambridge go n-úsáidtear an focal eitic go coitianta inmhalartaithe le ‘moráltacht’ ... agus uaireanta úsáidtear le brí níos cúinge chun prionsabail mhorálta traidisiún, grúpa nó duine aonair ar leith a mhíniú.

Reiligiúin Abrahámacha cuir in eagar

Sa Tiomna Nua, úsáidtear an focal fíréantacht mar aistriúchán ar an bhfocal Gréigise δɩκαɩοσύνη (dikaiosunē). Mar shampla, i mBíobla Uí Fhiannachta (1981):

  • Matha 6:33 — Ach déanaigí ríocht Dé agus a fhíréantacht a lorg ar dtús, agus tabharfar na nithe sin uile daoibh chomh maith.
  • Eabhraigh 11:33 — Trí chreideamh chuir siad ríochtaí faoi smacht, shaothraigh siad an fhíréantacht, fuair siad a raibh geallta dóibh, dhún siad béil leon...

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-12-01. Dáta rochtana: 2021-08-20.
  2. JEWISH ETHICS. https://www.myjewishlearning.com/article/tzedek-the-jewish-value-of-justice/