Is Príomhionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta í Fatou Bensouda (a rugadh ar 31 Eanáir 1960 sa Ghaimbia).[1]

Infotaula de personaFatou Bensouda

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith31 Eanáir 1961
63 bliana d'aois
Banjul Cuir in eagar ar Wikidata
Ionchúisitheoir na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta
15 Meitheamh 2012 – 15 Meitheamh 2021
← Luis Moreno OcampoKarim Ahmad Khan → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnIoslam
Scoil a d'fhreastail sé/síObafemi Awolowo University (en) Aistrigh
International Maritime Law Institute (en) Aistrigh
Nigerian Law School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, taidhleoir, dlíodóir Cuir in eagar ar Wikidata
Fostóirna Náisiúin Aontaithe
an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
sa bhliain 2014

Saol cuir in eagar

Duine de bhunadh na Gaimbia is ea Bensouda. Sa Nigéir a cuireadh oideachas ollscoile agus oiliúint ghairmiúil uirthi, in Ollscoil Ife agus Scoil Dlí na Nigéire. Tá máistreacht sa dlí muirí idirnáisiúnta agus dlí na farraige aici.

 
2014

Gairm cuir in eagar

Bhí Bensouda ina hArd-Aighne agus Aire Dlí agus Cirt ar an nGaimbia ó 1998 go 2000.

 
Fatou Bensouda agus Luis Moreno Ocampo, 2012

Ina dhiaidh sin, bhí sí ag obair mar chomhairleoir dlí le Binse Coiriúil Idirnáisiúnta maidir le Ruanda, áit a raibh sí ina Comhairleoir Dlí Sinsearach agus Ceannaire ar an Aonad um Chomhairle Dlí ó 2002 go 2004.

Sa bhliain 2004, rinneadh Leas-Ionchúisitheoir a Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta di. Tháinig Bensouda in áit Luis Moreno Ocampo mar Phríomhionchúisitheoir sa bhliain 2012.

Ina theannta sin, bhí Bensouda ina bainisteoir ginearálta ar mhórbhanc tráchtála sa Gaimbia.

Fuair Bensouda duaiseanna líonmhara as a cuid oibre ar son na síochána agus na córa tríd an dlí coiriúil idirnáisiúnta.

 
2016

Bensouda agus Éire cuir in eagar

Sa bhliain 2013, chas Bensouda le príomhlucht déanta dlíthe agus phlé sí an tslí is féidir le hÉirinn cabhrú leis an gCúirt chun cearta daoine agus riail an dlí a chur chun cinn go hidirnáisiúnta.[2]

Pearsanta cuir in eagar

Tá Bensouda póstta le Philip Bensouda, fear gnó, agus triúr clainne acu.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Scoil Dlí, COBÁC (2021). "Fatou Bensouda". Dáta rochtana: 2021.
  2. Department of Foreign Affairs. "Tugann Príomh-Ionchúisitheoir ICC cuairt ar Éirinn - Department of Foreign Affairs" (en). www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2021-01-31.
  3. "Today With Sean O Rourke Tuesday 17 December 2013". Today with Sean O'Rourke. Dáta rochtana: 2021-01-31.