Fear Dorcha Ó Mealláin

file Éireannach

Is dócha gur shagart é Fear Dorcha Ó Mealláin agus gurbh ó Chontae an Dúin é. B'fhile é, ach níl ach aon dán amháin againn óna láimh. É ag scríobh le linn Chromail.

Infotaula de personaFear Dorcha Ó Mealláin
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Ord crábhaidhProinsiasaigh

Mí Lúnasa na bliana 1652 d'ordaigh Parlaimint Shasana do gach Caitliceach agus do mhórán Ríogaithe, d'aicme ab airde ná aicme an sclábhaí nó an cheárdaí, iad féin agus a dteaghlach a aistriú chun Connacht agus chun Contae an Chláir, áit a mbeadh píosa beag talún rompu. Ba mhinic a rinneadh an t-aistriú sa gheimhreadh agus ar dhrochbhóithre, agus cailleadh na céadta. Is leis sin a bhaineann dán Uí Mealláin, An Díbirt go Connachta. Tá sé scríofa i leagan scaoilte d'fhilíocht na scol agus cuireann Ó Mealláin in iúl gur fearr ár dtoil a chur le toil Dé: Beag bheas linn ag dul san uaigh. Déantar comparáid idir cás na nGael agus cás na nIosraeilíteach fadó - gnáth-théama sa 17ú haois i ndánta den saghas seo.

Amhlaidh sin do-ghéanfar libh,
do-ghéabhaidh sibh gach maith ar dtús:
atá bhur ndúiche ar neamh
's ná bígí leamh in bhur gcúis

Tagairtí cuir in eagar

  • Beresford Ellis, Peter (1975). Hell or Connaught! The Cromwellian Colonization of Ireland 1652-1660, Hamish Hamilton, ISBN 241890713
  • de Brún, Pádraig agus Ó Buachalla, Breandán agus Ó Coincheanainn, Tomás (eag.) (athchló 1975). Nua-Dhuanaire: Cuid 1, Institiúid Ardléinn Bhaile Átha Cliath.
  • Ó Tuama, Seán agus Kinsella, Thomas (athchló 1985). An Duanaire 1600-1900: Poems of the Dispossessed, The Dolmen Press, ISBN 0-937702-02-1.