Is éard atá i gceist leis an teideal Fianṡruth Fionn (Meán-Ghaeilge Fianṡruth (Find)) ná dhá liosta in ord aibítre d'ainmneacha na Fiannaíochta, ó ré na Meán-Ghaeilge. I Leabhar Buí Leacáin amháin atá siad ar marthain, a théann siar go dtí an dóú haois déag.[1] Maíonn Gerard Murphy go mb'fhéidir gur cuireadh tús leis an gcnuasach chomh luath leis an aonú haois déag.[2] I dteannta na liostaí, ar a dtugtar ar A agus B, tá réamhrá. I measc na 170 ainm, isteach nó amach, atá iontu, ní fhaightear líon mór dóibh i bhfoinsí eile, ainneoin go bhfuil líon eile de lucht aitheanta na Fiannaíochta, amhail is Fergus Finnbél, in easnamh.

Lámhscríbhinní cuir in eagar

  • Liosta A: LBL (lch. 119a ff), le teideal: “It e annso anmann muntire Find .i. fiandsroth fian Find u(i) Baiscne”
  • Liosta B: LBL (lch. 325a), le teideal: “Fianruth Fiand inso”

Teideal cuir in eagar

Is féidir an chiall seanchas na bhFiann a bhaint as an teideal fian-ṡruth. Mar a chuir Stern in iúl, feictear an focal sa Dinnseanchas Aoi, mar cheann de na seánraí liteartha nár chóir a aithris ag Aonach Charmain:

Meán-Ghaeilge Nua-Ghaeilge[3]
Is iat a ada[4] olla[5]: …
Fian-shruth Find, fáth cen dochta,
togla, tána, tochmorca,
slisnige, is dúle feda,[6]
áera, rúne romera...
Is iad oll-adha[7] [an aonaigh]: …
Fianshruth Fhionn, fáth gan docht,
toghla[8], táinte, tochmhairc,
sliseanna, agus leabhair sheanchais,
aortha, rúin rómheara...[9]

Réamhrá ó Liosta B cuir in eagar

Seachas i bhfoirm macasamhála, ní foilsíodh liosta na n-ainmneacha fós. Seo a leanas an réamhrá do liosta B (difríochtaí i dtaca le liosta A idir lúibíní), aistriúchán Gearmáinis le Ludwig Stern, agus aistriúchán Nua-Ghaeilge:

Meán-Ghaeilge Nua-Ghaeilge

Iar ngabail rigi nErend do Cormac hua Cuind 7 iar nindarpa Lugaid Meiccon 7 iar ndith Fergusa Dub-detaig ... roboi cain Cormaic for Erind co 'adbal 7 co dirímh, gur ba lan in Eire dia cheithernaib. Is e ropa thaiseach teglaig 7 ropa cheand deorad 7 amhus 7 cech ceithirne archena[10] la Cormac Find mac Cumaill, conad friusin atberat in daescar-sluag Fianna Find .i. rigfeindig, ised (is iat?) robatar fri laim Find forrusin. Erroi[11] nonbair cech fir dib 7 cerd manchuine[12] ut fuit la Coinculaind. Is e didiu Find ropa taisech foraib la cech rig airsuidhiu cin romair 7 Oiséne ina diaid; ar ni rabatar ceitherna rig Temrach ni bá deach ina occusin. It e v [13] na fiannasa fichset[14] (fichsetar A) cath Cuillenn (Chuili Cuilleann A) 7 cath Cliach 7 cath Comair-tri-nusci 7 cath Muigi Inis 7 cath slebi Mis 7 cath Luacra (slebe Luachrai A) 7 cath sidhe Feimin 7 cath Fea 7 cath Crinna 7 cath Sidhe-da-bolg. Ocus it e rofichsetar (dofichetar A) iarsuidiu Indsi Derglocha (derglacha A) a sidhib la Find hua Baiscne for Ruadhraidh mac Boidb 7 ri. (et for Dercthiu A). Nach rig (ri A) tra las andeachadar na fiannusa i cath no an irgail riam is rompu nomuidheadh[15] (is riam romeabaid for firu hErind A).

I ndiaidh a rinneadh Cormac mac Airt ina Ard-Rí na hÉireann, agus a díbríodh Lugaid mac Con agus a maraíodh Fergus Dubdétach ... bhí cáin ábhal[16] dírímh[17] Chormaic ar Éirinn, agus bhí Éire lán dá cheithearna.[18] Is taoiseach teaghlaigh agus ceannaire na ndeoraithe agus na n-amhas[19] agus gach ceithirne archeana[20] le Cormac é Fionn mac Cumhaill, ... a deirtear freisin an daoscairshlua Fianna Fhionn [iad], .i. ríthe na bhFiann faoi láimh Fhionn freisin. Bhí eire naonúir de gach fear díobh agus ceard manchaine[21] mar a bhí le Cú Chulainn. Agus bhí Fionn ina thaoiseach as sin amach le gach rí fad is a mhair sé, agus Oisín ina dhiaidh; agus ní raibh ceitherna rí na Teamhrach níos fearr ná 'sacusan. Throid na Fianna cath Cuillenn 7 cath Cliach 7 cath Comair-tri-nusci 7 cath Muigi Inis 7 cath slebi Mis 7 cath Luacra 7 cath sidhe Feimin 7 cath Fea 7 cath Crinna 7 cath Sidhe-da-bolg. Agus throideadar i ndiaidh sin (cath) Indsi Derglocha, an sidhe le Fionn Ó Baiscne, in éadan Ruadhraí mhic Bhoibh srl. Pé rí a chuaigh in aghaidh na bhFiann i gcath nó in iorghal, clíodh é.

Foinsí cuir in eagar

  • Atkinson, Robert. Yellow Book of Lecan. Baile Átha Cliath, 1896. Eagrán macasamhla, ll. 119, 325.
  • Gwynn, Edward (eag. agus aistr.). The Metrical Dindshenchas. Iml. 3. Baile Átha Cliath: IAL-BÁC, 1906. Le fáil ar CELT.
  • Meyer, Kuno (réamhrá, eag. agus aistr.). Fíanaigecht, being a Collection of Hitherto Unedited Irish Poems and Tales Relating to Finn and his Fiana, with an English Translation. Todd Lecture Series 16. Baile Átha Cliath: IAL-BÁC, 1910.
  • Stern, Ludwig Christian. “Fiannshruth.” Zeitschrift für celtische Philologie 1 (1897). ll. 471-3.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Meyer, Fianaigecht, lch. xxx.
  2. Duanaire Finn. The Book of the Lays of Finn. Iml. 3. ITS. Londain, 1953. xli agus lx.
  3. Á aistriú sách focal ar fhocal ón tMeán-Ghaeilge ag Marcas
  4. ada(e) ar eDIL
  5. oll ar eDIL
  6. 3 dúil ar eDIL
  7. adha Curtha i gcartlann 2013-08-19 ar an Wayback Machine ar teanglann.ie FGB
  8. toghail ar teanglann.ie FGB
  9. Gwynn, The Metrical Dindshenchas, iml 3, ll. 18-21.
  10. archena ar eDIL
  11. erroi ar eDIL
  12. manchaine ar eDIL
  13. Is é an litir anseo ná v le ciorcal thuas
  14. fecht ar eDIL
  15. maidid ar eDIL.
  16. ábhal ar teanglann.ie FGB
  17. dírímh ar teanglann.ie FGB
  18. cheithearn ar teanglann.ie FGB
  19. amhas 1 (b) ar teanglann.ie
  20. archeana ar teanglann.ie
  21. manchaine ar teanglann.ie FGB