Baile Átha Cliath - Fine Gall Thoir (Dáilcheantar)
Is Dáilcheantar 3 suíochán suite i bhFine Gall, Contae Bhaile Átha Cliath é Fine Gall Thoir. De bharr an méadú ar an daonra ó 2020 i bhFine Gall, socraíodh dhá dháilcheantar 3 shuíochán a chruthú, Fine Gall Thoir agus Fine Gall Thiar.
Baile Átha Cliath - Fine Gall Thoir | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Toghcháin
cuir in eagarOlltoghchán 2020
San Olltoghchán 2020 i bhFine Gall Thoir, toghadh mar Theachtaí Dála An tAire Tithíochta Darragh O’Brien (FF), Alan Farrell (FG) agus Duncan Smith (LO).[1] Fuair Farrell 6,213 vóta in 2020 agus toghadh é ar an gceathrú duine sa Dáilcheantar cúig shuíochán ag an am. Fuair an tAire Darragh O’Brien (FF), a bhfuil Gaeilge aige, 10,111 vóta in 2020 agus toghadh é ar an ochtú comhaireamh.
Sna toghcháin áitiúla 2024 i bhFine Gall Thoir bhí thart ar 21% den vóta ag iarrthóirí ó Fhianna Fáil.
Olltoghchán 2024
San Olltoghchán 2024, sheas cúigear déag iarrthóirí ag seasamh i bhFine Gall Thoir, ina measc triúr de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020, O’Brien (FF), Smith (LO) agus Farrell (FG - ní raibh aon iarrthóir eile ag Fine Gael sa Dáilcheantar). Toghadh Darragh O’Brien (FF), Duncan Smith (LO) agus Ann Graves (SF).
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Donncha Ó hÉallaithe (26 Samhain 2024). "Aire stáit faoi bhrú i nDún Laoghaire agus deis ag Gaeilgeoirí Fhianna Fáil i bhFine Gall ar shuíocháin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-26.