Fionnghuala, Iníon Dhomhnaill Uí Bhriain

Iníon leis an tiarna Domhnall Ó Briain ba ea Fionnghuala Ní Bhriain (fl. 1557-1617) agus bua na filíochta aici. Bhí a hathair ag déanamh aighnis lena nia Conchubhar ó lár an 16ú haois amach faoi cheannas mhuintir Bhriain. Tháinig sé chun réitigh le Tiarnacht Thuamhan (tiarnacht Uí Bhriain), a raibh tionchar rialtas Shasana uirthi, agus ceapadh é mar Shirriam an Chláir in 1576.

Infotaula de personaFionnghuala, Iníon Dhomhnaill Uí Bhriain
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Teaghlach
CéileThomas Fitzmaurice, 16ú Barún Chiarraí
Owney O'Loughlin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDomhnall Ó Briain  agus Sláine Uí Bhriain

Phós Fionnghuala Tomás Mac Muiris, tiarna Leic Snámha i gContae Chiarraí, ach scar sé léi in 1579 chun a leasdeirfiúr a phósadh. Is dócha gurbh é a colcheathar Conchubhar, tríú hIarla Thuamhan, a chuidigh léi Uaithne Mór Ó Lochlainn, tiarna Bhoirne i gContae an Chláir, a phósadh in 1580. Fuair Ó Lochlainn bás in 1581 ach níor fágadh aon chuid dá mhaoin aici le huacht (cé go mbeadh ceart aici, de réir dlí, ar a spré) agus b’éigean di imeacht óna chaisleán ag Muicinis.

Mar sin féin, d’fhág sí caoineadh ar Uaithne ina diaidh i méadar greanta aiceanta. Dealraíonn sé ó thagairtí sa dán go raibh eolas aici ar chúrsaí ginealaigh, rud a thabharfadh le fios go raibh cuid de shaothar mhuintir Bhruaideadha, filí agus staraithe na mBrianach, léite aici.

Sliocht as an gCaoineadh cuir in eagar

A nainm an Spioraid Naoimh h’imríghe, ‘Uaithne,
is triall ó thigh bhig go tigh mhuar sibh;
béara an tAirdrigh dá lánbhrígh suas tu
don ádhbhadh ann nách fuighir gábhadh ná guasacht.
Biaidh Mórmhac na hÓighe gan ghruaim riot
do bhrígh tú bheith sgaoilteach fá a bhfuarais
‘snach raibh stór cófra ná guais ort,
eaglais is aos ealadhan gan ghruaim riot.
D’inneosain beagán beagán dot dhualgas:
cúig rígh fhichiot do bhí uaitse
ar Éirinn nár b'fhéidir a ruagadh,
deich rígh is fiche rígh gan truailleadh.

Tagairtí cuir in eagar

Ainm.ie: Ní Bhriain, Fionnghuala (fl. 1557-1617): https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=2148

Máirín Ní Dhonnchadha (eag.), "Courts and Coteries II," in Bourke, Angela (eag.) (2002). The Field Day Anthology of Irish Writing, Volume 4. NYU Press, lgh 395-397.

Jane Stevenson & Peter Davidson (2001). Early Modern Women Poets (1520-1700): An Anthology. Oxford University Press, lgh 175-7