Focail Ghaeilge nach leanann Caol le Caol agus Leathan le Leathan
Is éard is Focail Ghaeilge nach leanann Caol le Caol agus Leathan le Leathan ann ná focail nach leanann an riail litrithe Gaeilge Caol le Caol agus Leathan le Leathan (riail litrithe). De réir na rialach is gá go mbeadh gutaí leathana nó caola ar an dá thaobh de chonsain in aon fhocal. Is gutaí leathana iad 'a' agus 'o' agus 'u' agus is gutaí caola 'i' agus 'e'. Mar shampla an focal 'cailín' níorbh fhéidir a litriú mar 'calín' mar nach mbeadh 'a' agus 'i' ag freagairt dá chéile. Is eisceachtaí iad na focail seo.
Dobhriathra
cuir in eagar- arís
- ansin
- anseo
- ansiúd
- aneas
- aniar
- aníos
Is défhoghar leathan é 'ae', sa fhocal Gaeltacht mar shampla. Ba Gaedhealtacht a bhí ann ó cheart.
- traein
- aenna
- traenacha
- draenacha
- aerach
- laethanta
- Gaelach
- aeróg
- Caesar
Comhfhocail
cuir in eagarLeanann na focail féin an riail ach sáríonn í agus an comhfhocal cruthaithe
- aerphost = aer + post
- aerfort = aer + phort
- mórshiúl = mór + siúl
- neamhbheo = neamh + beo
- dlúthdhiosca = dlúth + diosca
- lámhleabhar
- défhoghar
- planditeach
- cráinghuail
- Bunreacht
Forainmneacha réamhfhoclacha
cuir in eagarGiorrúcháin a bhí iontu seo i dtosach.
- ina
- lena
Focail eile
cuir in eagar- cocstí
- dhera
- ospidéal
- ospís
- teachín
- lachín
- drúchtín
Toisc go gcuirtear an foirceann '-ín' le focail uaireanta is deacair an riail a chur i bhfeidhm gan cur as do cháilíocht na ngutaí roimhe.