Forgall Monach

carachtar sa Rúraíocht

Sa Rúraíocht i Miotaseolaíocht na nGael, athair Eimhire ab ea Forghall Monach (Sean-Ghaeilge Forgall Monach[1]). Bhíodh cónaí air ag Luglochta Loga (the gardens of Lugh) i Lusca, Contae Bhaile Átha Cliath.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarForgall Monach
Cineálcarachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
LeanaíEimhear Cuir in eagar ar Wikidata

Thit laoch na nUladh Cú Chulainn i ngrá lena iníon óg, Eimhear, ach bhí Forgall in aghaidh an chleamhnais, ba chosúil toisc nach raibh Fial, a iníon nóis sine, fós pósta. Thug sé cuairt ar na hUlaidh, faoi bhréagriocht rí na nGallach. Mhol sé nárbh mhór do Chú Chulainn súil go hAlbain, chun teagasc leis an mbanghaiscíoch Scáthach, ag súil go bhfaighe sé bás sa thriail.

Fad is a bhí Cú Chulainn thar lear, thairg sé Eimhear do Lughaidh mac Nóis, rí na Mumhan, ach nuair a chuala sé go raibh Emer i ngrá le Cú Chulainn, dhiúltaigh Lughaidh an cleamhnas. Nuair a tháinig Cú Chulainn ar ais ó Albain, lán oilte, dhiúltaigh Forgall fós dó cleamhnas le hEimhear. Rinne Cú Chulainn ruathar ar dhún Fhorghaill, ag marú ceathrar is fiche, d'fhuadaigh sé Eimhear agus ghoid sé taisce Fhorgaill. Thit Forghall féin óna múir chosanta chun báis.

Tagairtí cuir in eagar

  1. monach ar eDIL; oilte, cleasach, srl.