B'fhile Meiriceánach agus múinteoir é Francisco Xavier Alarcón (21 Feabhra 195415 Eanáir 2016). Bhí sé ar cheann den líon beag filí Chicano a bhain aitheantas amach as ucht a gcuid filíochta agus scríbhneoireachta, den chuid is mó i Spáinnis, laistigh de na Stáit Aontaithe. Aistríodh a chuid dánta chomh maith go Béarla, Gaeilge agus Sualainnis. Rinne sé go leor cur i láthair ag scoileanna poiblí ionas go bhféadfadh sé tionchar a imirt ar dhaoine óga agus iad a spreagadh chun a gcuid filíochta féin a scríobh, ach go háirithe mar gur bhraith sé gur "filí nádúrtha" iad na leanaí. [1]

Infotaula de personaFrancisco X. Alarcón

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith21 Feabhra 1954
Wilmington, California Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Eanáir 2016
61 bliana d'aois
Davis, California Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse)
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Stanford
California State University, Long Beach (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil California Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Rugadh Francisco Xavier Alarcón i Wilmington, California[2], agus bhí ceathrar deartháireacha agus beirt deirfiúracha aige. Bhog sé go Guadalajara, Meicsiceo lena theaghlach, nuair a bhí sé a sé, agus ansin d'fhill sé ar ais go California nuair a bhí sé ocht mbliana déag d'aois. Bhraith Alarcón go raibh sé ina scríbhneoir nuair a bhí sé cúig bliana déag agus chabhraigh sé le hamhráin bhailéadacha a seanmháthair a thras-scríobh. Ba chainteoir dúchais na Nachuáitlise a sheanmháthair. Chruth an taithí a bhain sé amach as a bheith ag teacht i méadaíocht sna Stáit Aontaithe agus Meicsiceo araon, agus an dá chultúr a bhlais sé iontu, leis an chineál scríbhneoireachta a chum sé.[3]

Mar dhuine fásta óg, d'fhill sé ar limistéar Los Angeles. Bhain sé ard-dioplóma scoile amach ó 'Cambria Adult School'. D'oibrigh sé i mbialanna agus mar oibrí imirceach feirme.[4] Le linn an ama seo, chuaigh sé go dtí East Los Angeles College.

Bhain Alarcón céim amach ó California State University, Long Beach, agus Ollscoil Stanford.[5] Le linn dó bheith sa choláiste, thosaigh sé ag scríobh filíochta, agus bhain sé le go leor ciorcail liteartha sa cheantar agus léigh sé a chuid filíochta amach os ard chomh maith ag ionaid éagsúla. Ag Stanford, idir na blianta 1978 agus 1980, rinne sé eagarthóireacht ar an iris Vortice.[6] Sa bhliain 1982, agus é ar Fulbright Fellowship go Cathair Mheicsiceo, d'aimsigh sé orthaí Astacacha a bhí aistrithe ag sagart Meicsiceach. Ina dhiaidh sin, spreag iad siúd a scríbhneoireachta sna 'Snake Poems: An Aztec Invocation'. Chomh maith leis sin bhuail sé leis a "anamchara", an file de chuid Mheicsiceo, Elías Nandino, ar a thuras go Cathair Mheicsiceo.[6] Alarcón was very impressed with how Nandino refused to hide his homosexuality from the world.[3] Chuaigh an gcaoi ar dhiúltaigh Nandino a chuid homaighnéasachta a cheilt ón domhan i bhfeidhm air. Le linn a chuid ama i Meicsiceo, bhí Alarcón páirteach san amharclann i gCathair Mheicsiceo agus rinne sé go leor taighde in El Colegio de México. Thug an deontas Fulbright deis dó taisteal go Cúba freisin.[4]


Duaiseanna

cuir in eagar
  • 1981 Ruben Dario Prize for poetry.[4]
  • 1984 Chicano Literary Prize for poetry.[7]
  • 1993 American Book Award[8]
  • 1993 PEN Oakland Josephine Miles Award
  • 1997 Pura Belpré Honor Award by the American Library Association
  • 1998 Carlos Pellicer-Robert Frost Poetry Honor Award by the Third Binational Border Poetry Contest, Ciudad Juárez, Chihuahua.
  • 2002 Pura Belpré Honor Award, Danforth and Fulbright fellowships
  • 2002 Fred Cody Lifetime Achievement Award from the Bay Area Book Reviewers Association (BABRA)
  • Tattoos, Oakland: Nomad Press, 1985
  • Ya Vas, Carnal, San Francisco 1985
  • Loma Prieta, Santa Cruz: We Press 1990
  • Body in Flames/Cuerpo en llamas, San Francisco: Chronicle Books 1990
  • De amor oscuro/Of Dark Love, Santa Cruz: Moving Parts Press 1991
  • Cuerpo en llamas/Kropp i lågor, Lysekil, Sweden: Fabians Förlag 1991
  • Cuerpo en llamas / Colainn ar bharr lasrach, Indreabhán, Ireland:Cló Iar-Connachta Teo 1992
  • Poemas zurdos, Mexico City: Editorial Factor 1992
  • "Snake Poems: An Aztec Invocation" (February 1, 1992). Chronicle Books. 
  • De amor oscuro/Vin an ngrá dorcha, Indreabhán, Ireland: Cló Iar-Connachta Teo, 1992
  • No Golden Gate for Us, Tesuque, New Mexico: Pennywhistle Press, 1993, ISBN 9780938631163
  • Sonnets to Madness and Other Misfortunes / Sonetos a la locura y otras penas, Berkeley: Creative Arts Book Company, 2001, ISBN 9780887394508
  • "From the Other Side of Night / Del otro lado de la noche: New and Selected Poems" (2002). University of Arizona Press. 
  • "Iguanas in the Snow and Other Winter Poems/ Iguanas en la nieve y otros poemas de invierno" (2005). Perfection Learning Corporation. 
  • "Laughing Tomatoes and Other Spring Poems/Jitomates risueños y otros poemas de primavera" (2005). Bt Bound. 
  • "From the Bellybutton of the Moon And Other Summer Poems/Del ombligo de la luna y otros poemas de verano" (2005). Bt Bound. 
  • "Angels Ride Bikes And Other Fall Poems/Los ángeles andan en bicicleta y otros poemas de otoño" (2005). San Val, Incorporated. 
  • "Poems to Dream Together/Poemas para soñar juntos" (2005). Lee & Low Books. 
  • "Animal Poems of the Iguazú/Animalario del Iguazú" (2005). Lee & Low Books. 
  • Ce Uno One: Poems for the New Sun / Poemas para el Nuevo Sol, Sacramento: Scythe Press 2010, ISBN 9781930454262


  1. "Speaking with Francisco X. Alarcon".
  2. "A Binational, Bicultural, Bilingual Poet".
  3. 3.0 3.1 Wood, Jamie Martinez (2007). "{{{title}}}": 5–6. New York: Facts On File, Inc.. 
  4. 4.0 4.1 4.2 Meier, Matt S. (2003). "The Mexican American Experience: An Encyclopedia": 6–7. Westport, Connecticut: Greenwood Press. 
  5. "A poet who writes tattoos". Dateline UC Davis. Cartlannaíodh an bunleathanach ar Meitheamh 10, 2010. Dáta rochtana: Eanáir 17, 2017.
  6. 6.0 6.1 de Jesus Hernadez-G, Manuel (2002). "{{{title}}}": 197–204. Tucson, Arizona: The University of Arizona Press. 
  7. "Chicano/Latino Literary Prize - History". hnet.uci.edu (2006). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2 Lúnasa 2012.
  8. "Francisco X. Alarcón".