Frithghníomhuithe fuilaistrithe
I míochaine nó leigheas, is éard is frithghníomhaithe fuilaistrithe ann ná freagairt gan choinne san othar atá bainteach le fuilaistriú fola nó comhábhar fola. Chun go n-íoslaghdófaí an baol nó an contúirt a bhaineann le fuilaistriú, moltar gan an chóir leighis a thabhairt ach de réir mar is gá.
Cineál | éifeacht dhíobhálach |
---|---|
Speisialtacht leighis | transfusion medicine (en) |
Cóireáil chliniciúil | |
Cóireáil | sábháilteacht fola |
Aicmiú | |
ICD-10 | T80 |
Acmhainní seachtracha | |
eMedicine | 206885 |
Cineálacha frithghníomhaithe
cuir in eagarAr na frithghníomhuithe géara tá:
Frithghníomhuithe Haemalaíocha Géara Fuilaistrithe (FHGF)
cuir in eagarIs é an sainmhíniú ar FHGF, frithghníomhuithe a tharlaíonn taobh istigh de 24 uair a chloig i ndiaidh fuilaistriú agus gnéithe cliniciúla agus/nó saotharlainne den haemalú i láthair (Grúpa Oibre ISBT Capetown, 2006).
Ar na cúiseanna leis an haemalú géar tá neamh-chomhoiriúnacht ABO, neamh-chomhoiriúntacht antaigine eile e.g. Rh D, Kell nó tosca neamh-dhíonacha ar nós tuaslagáin hipeartonacha/hipeatonacha nó táirgí míochaine a meascadh leis an gcomhábhar fola.
Úsáideann an tAontas Eorpach an córas rangaithe seo a leanas:
- Haemalú imdhíonachta ag éirí as neamh-chomhoiriúnachr ABO
- Haemalú imdhíonachta ag éirí as alla-antasubstaint eile-Géar
- Haemalú neamh-imdhíonach
Frithghníomhuithe Neamh-haemalaíocha Fiabhrasacha Fuilaistrithe
cuir in eagarFrithghníomhuithe Ailléirgeacha & Anaifiolachtacha Géara Fuilaistrithe (FAAGF)
cuir in eagarTarlaíonn Anaifiolachtacht/Hipiríogaireacht le hothar a réamhíograíodh le haillérigin agus a athnochtar don antaigin airithe sin arís. Tá beagán othar ann a bhfuil dian-easpa IgA orthu agus a fhorbraíonn antasubstaintí do IgA. D'fhéadfadh dian-anaifiolachtacht a bheith ar roinnt de na hothair sin má nochtar le IgA iad trí fhuilaistriú (McClelland, 2001)
Frithghníomhuithe Haemalaíocha Moillithe Fuilaistrithe (FHMF)
cuir in eagarAn sainmhíniú ar FHMF, gur fianaise atá ann ar ghnéithe cliniciúla nó saotharlainne an haemalaithe a tharlaíonn breis agus 24 uair fichead agus suas le 38 lá i ndiaidh le fianaise shéireolaíoch an antasubstaintí. (Buíon Oibre ISBT, Capetown, 2006)