Fuinneamh ianúcháin

(Athsheolta ó Fuinneamh ianaithe)

Is intuigthe go bhfuil greim ag reimse an núicléis ar na leictreoin uile ata thart ar an adamh neodrach nó neamhluchtaithe, agus is ga fuinneamh ianúcháin, uime sin, chun leictreon a thógáil ón adamh sin. Ós rud é go bhfuil leictreoin luchtaithe go diúltach agus go bhfuil prótóin sa núicléas luchtaithe go deimhneach, beidh aomadh eatarthu. Dá mhéad é tarraingt an núicléis, is amhlaidh is deacra a bheas sé leictreon a tharraingt ar shiúl ó adamh.

Fuinneamh ianúcháin

Tugtar an chéad leictreonfhiníocht - is é seo an t-athrú eantalpachta nuair a chomhshóitear aon mhól d’adaimh ghásacha ina n-iain ghásacha le lucht diúltach amháin.

Mar shampla;

Cl(g) + e → Cl(g)

Tabhair do d’aire go bhfuil 2Cl(g) + 2e → 2Cl (g) 2 x leictreonfhiníocht de chlóirín

D’fhoirmiú na n-ian X2– ní mór luachanna an dara leictreonfhiníocht a thabhairt san áireamh.

An dara leictreonfhiníocht – seo an t-athrú eantalpachta nuair a dhéantar aon mhól d’iain ghásacha le lucht amháin diúltach a chomhshó ina iain ghásacha le lucht 2–.

Tá na luachanna seo deimhneach mar go bhfuil leictreon á ghnóthú ag speiceas atá luchtaithe go diúltach cheana féin O(g) + e → O2–(g)

Sainiúil do gach dúil, réasúnta íseal do na miotail alcaile (mar shampla, 500 kJ mol-1 i sóidiam) agus réasúnta ard do na halaiginí (mar shampla, 1680 kJ mol-1 i bhfluairín).

Is é an chéad fhuinneamh ianúcháin ná an fuinneamh atá de dhíth le mól amháin d’adaimh ghásacha a chomhshó ina n-iain ghásacha le lucht deimhneach amháin.

Mar shampla:

Na(g) → Na+(g) + e

Tabhair do d’aire gur chóir siombailí staide a thabhairt.

Is é an dara fuinneamh ianúcháin ná an fuinneamh atá de dhíth le mól amháin d’adaimh ghásacha le lucht amháin deimhneach a chomhshó ina n-iain ghásacha le lucht deimhneach dúbailte.

Na+(g) → Na2+(g) + e

Is é an tríú fuinneamh ianúcháin ná an fuinneamh atá de dhíth le mól amháin d’adaimh ghásacha le lucht deimhneach dúbailte a chomhshó ina n-iain ghásacha le lucht deimhneach triarach.

Na2+(g) → Na3+(g) + e

Naisc sheachtracha cuir in eagar