Fuipéad
Pór madra is ea an fuipéad, atá ana-chosúil le cú rása, ach é a bheith níos lú. Póraíodh an fuipéad i gcomhair seilge is rásaíochta ar dtúis. Bíonn toirt mheasartha ag an bhfuipéad, le meáchán idir 6.8–14 kg agus airde idir 47-51 cm de ghnáth ag an gceann fireann (idir 44-47 cm d'airde ag an gceann baineann). Bíonn dathanna éagsúla ag an bpór---bán, dubh, buídhonn, riabhach ina measc---mar is cuma dath an chú seo agus breith á tabhairt air i dtaispeántas gadhair.
Ginearaltaí | |
---|---|
Tír bhunaidh | Sasana |
Méid áil | 6.1 |
Tréithe fisiciúla | |
Airde | 47 cm, 51 cm, 44 cm agus 47 cm |
Aicmiú agus caighdeán póir | |
Cód catalóige | 162 (Federation Cynologique Internationale ) |
Bíonn an fuipéad ciúin mánla, agus is minic a bhíonn sé sásta mórchuid an lae a chaitheamh ina luí, d'ainneoin a luas i mbarr reatha (agus é ar an ainmhí is tapúla dá thoirt ar an domhan). Ní oireann an pór mar mhadra garda.
Bhíodh an fuipéad ina mhadra seilge ar dtúis, agus é géarshúileach go leor. Is féidir leis teacht suas le coinín gan stró, agus nuair a bheireann sé ar ainmhí croitheann sé an créatúr chun muineál an ainmhí a bhriseadh.
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagarIs síol faoi madra é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |