Piteog

téarma maslach
(Athsheolta ó Gúngaire)

Is éard is piteog (nó féileacán, cigire tónach, Síle, lúbadóir[1] go minic) (Gaeilge na hAlban: Gille-tòine) ann ná téarma díspeagúil a úsáidtear go coitianta chun beag a dhéanamh de dhuine homaighnéasach. Is féidir leis na téarmaí seo masla a chruthú.

Bhailigh Daithí Ó Luineacháin, in Ó Ghliomáil go Giniúint: Foclóir na Collaíochta, a foilsíodh sa bhliain 1997, téarmaí a bhain leis an homaighnéasacht sa Ghaeilge: …beití, bleitheachán, bleitheog, blíog, buachaill baitín, bugaireacht, cábún, cadar, cairiún, cigire tónach, dul amú, fear tóna, gamhain, gealhata, gliodaí, hata bán, lúbadán, Muireann i mbríste, Neil, péileacán, piteachán, piteán, piteog, Síle, (peaca) Sodam, sodamach, sodamán, sodamacht…[2] Téarmaí maslacha go leor acu seo.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Oileánach le Sam Ó Fearraigh" (ga). Bláth na dTulach (2021-08-13). Dáta rochtana: 2024-04-16.
  2. Seán Mac Risteaird (2018-06-30). "5 sampla den aiteacht i litríocht na Gaeilge" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2024-04-16.