Gaelbhratach

scéim a thacaíonn le scoileanna a chuireann an Ghaeilge chun cinn

Is scéim spreagtha í Gaelbhratach a thacaíonn le scoileanna atá ag iarraidh labhairt na Gaeilge a chur chun cinn. Tá an scéim oscailte do bhunscoileanna agus iarbhunscoileanna. Is scéim í do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna ar fud na tíre. Is í príomhaidhm na scéime ná labhairt na Gaeilge a chur chun cinn agus a chothú i measc pobal uile na scoile.[1]

Bíonn ar phobal na scoile obair le chéile chun spriocanna a bhaineann le labhairt agus úsáid na Gaeilge a bhaint amach.[2] Bronntar Gaelbhratach ar scoileanna tar éis dóibh spriocanna éagsúla a bhaint amach.

Is é Gael Linn atá i mbun reáchtáil na scéime le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge agus Glór na nGael. Tá Gaelbhratach maoinithe ag Foras na Gaeilge agus ag an An Roinn Oideachais agus Scileanna.

Tacaíocht cuir in eagar

Cuirtear eolas, naisc agus ábhair thacaíochta ar fáil go rialta ar shuíomh Gaelbhratach anseo. Tugtar cuairteanna tacaíochta ar scoileanna de réir mar is cuí le linn na scoilbhliana. Tá na hoifigigh Gaelbhratach ar fáil le ceisteanna a fhreagairt agus comhairle a thabhairt do scoileanna ar bhonn leanúnach.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Cur Síos" (ga). Gaelbhratach. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-07-17. Dáta rochtana: 2019-07-18.
  2. maynoothuniversity.ie (Meitheamh 2022). "Eleathanach 415". Dáta rochtana: Meitheamh 2022.