Gasóga na hÉireann
Is cumann Éireannach é Gasóga na hÉireann, ball den World Organization of the Scout Movement. Is eagraíocht dheonach, neamhfhoirmiúil oideachais í agus tá níos mó ná 40,000 daoine ina bhaill dó.[1] Tá sé i láthair i mbeagnach gach pobal in Éirinn. I dTuaisceart Éireann oibríonn sé taobh le The Scout Association, cumann gasóga na Ríochta Aontaithe. Tosaíonn a stair le bunú an chéad ghrúpa gasóga in Éirinn i 1908, agus an chéad chruinniú i dteach Richard P. Fortune ar Shráid an Dáma i gCathair Bhaile Átha Cliath.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | carthanas cuideachta phríobháideach faoi theorainn ráthaíochta foilsitheoir scouting association (en) eagraíocht neamhbhrabúis |
Cuspóir an tionscadail nó na gníomhaíochta | nonformal learning (en) , holistic education (en) agus forbairt inbhuanaithe |
Foirm dlí | Cuideachta faoi Theorainn Ráthaíochta |
Stair | |
Téann in áit | Gasóga Caitliceacha na hÉireann (2004) Scouting Ireland S.A.I. (en) (2004) |
Dáta a bunaíodh | 2004 |
Gníomhaíocht | |
Ball de | World Organization of the Scout Movement (en) |
Líon saorálaithe | 11,361 (2020) |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Líon fostaithe | 32 (2016) |
Táscaire eacnamaíoch | |
Maoiniú airgeadais | 53,000 € (2017) |
Ioncam iomlán | 5,795,000 € (2019) |
Suíomh gréasáin | scouts.ie |
Bunaíodh an eagraíocht ar an 1 Eanáir 2004 nuair a tháinig Gasóga Caitliceacha na hÉireann agus eagraíocht saolta, Cumann Gasógaíochta na hÉireann le chéile.
Tá sé á stiúradh ag bord stiúrthóirí deonach. Is Príomh-Ghasóg ceannaire siombalach na heagraíochta. Is í Jill Pitcher Farrell an Príomh-Ghasóg. Toghadh í ag an mballraíocht in 2021 agus is í an chéad Phríomh-Ghasóg baineann de chuid na heagraíochta í.
Dlí na nGasóg[2]
cuir in eagara. Bíonn Gasóg iontaofa.
b. Bíonn Gasóg dílís.
c. Bíonn Gasóg cabhrach agus tuisceanach do chách.
d. Bíonn misneach ag Gasóg i ngach deacracht.
e. Baineann Gasóg leas as a c(h)uid ama agus tugann aire d’airí agus do mhaoin.
f. Bíonn meas ag Gasóg air/ uirthi féin agus ar dhaoine eile.
g. Bíonn meas ag Gasóg ar an dúlra agus ar an timpeallacht.
Mí-usáid gnéis
cuir in eagarNochtaíodh líomhaintí stairiúla ag Coiste Oireachtais sa bhliain 2018 a bhain le mí-úsáid gnéis sa chumann idir na 1960idí agus na 1990idí don chuid is mó. Aithníodh 356 duine go dtí 2020 a líomhnaíodh a d'fhulaing mí-úsáid gnéis 'sna gasóga. D'éirigh le daoine a raibh suim míchuí acu i ndaoine óga postanna sinsearacha a bhaint amach san eagraíocht in amanna.[3][4]
Sa bhliain 2020, léirígh tuarascáil maidir le cásanna de mhí-usáid gnéis a tharla i nGasógaíocht Éireann go raibh forcheilt i gceist agus gur teipeadh an mhí-usáid a thuairisciú. Scríobh Ian Elliot nár chuathas i ngleic leis an mhí-usáid i slí a chosain an duine a raibh mí-usáid bainte astu nó ní raibh aon iarracht déanta an duine a rinne an mhí-úsáid a thabhairt chun cuntais.[3]
Bhí leithscéal gafa ag Gasógaíocht Éireann leis na daoine a d'fhulaing an mhí-úsáid.[3]
Sa bhliain 2022, bhí 2 bhliain sa bpríosún, ach bliain amháin ar fionraí, gearrtha ar iar-chinnire gasóga, a ciontaíodh in ionsaí mí-gheanasach a dhéanamh ar bhuachaill 13 bliain d'aois timpeall 2000.[5]
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ scouts.ie. "Scouting Ireland". www.scouts.ie. Dáta rochtana: 2022-02-22.
- ↑ scoutingmatters.ie. "Bunreacht na nGasóg". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Nuacht RTÉ (2020-05-14). "Teipeadh mí-usáid a thuairisciú i nGasógaíocht Éireann" (as ga).
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain. "ABC-4 - Learn Irish with daily podcasts" (en). Listen Notes. Dáta rochtana: 2022-02-22.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-02-21). "Bliain príosúin gearrtha ar iar-chinnire gasóga" (as ga).