Gealach
Is féidir don fhocal úd Gealach an dá rud seo a chiallú:
- An Ghealach, is é sin, an tsatailít nádúrtha atá ag timpeallú an Domhain;
- satailít nádúrtha ar bith atá ag timpeallú ceann de na pláinéid sa ghrianchóras.
Tabhair faoi deara freisin na teilgeanacha cainte seo a úsáidtear sa Ghaeilge:
- "oíche réabghealaí" atá ann, nuair atá an Ghealach le haithint go soiléir, agus í ag soilsiú go geal;
- "oíche smúitghealaí" atá ann, nuair nach bhfuil an Ghealach le haithint, cé go bhfuil a solas le feiceáil go geal.