Geneviève Néron

ban-aisteoir Ceanadach

Aisteoir agus ceoltóir ó Québec is ea Geneviève Néron, a rugadh in Montréal ar an 24 Iúil 1974.

Infotaula de personaGeneviève Néron

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith24 Iúil 1974
49 bliana d'aois
Montréal, Quebec Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmban-aisteoir Cuir in eagar ar Wikidata
UirlisDord

IMDB: nm0639100 Allocine: 78221 Allmovie: p565102 Cuir in eagar ar Wikidata

Tar éis di cúrsaí scannánaíochta agus aisteoireachta a dhéanamh rinne sí páirteanna i ndrámaí beaga agus thosaigh sí obair a fháil ar an teilifís.

Tharraing sí clú éigin uirthi féin sna sraithdhrámaí Virginie, Tribu.com et Les Invincibles, ach is clár don aos óg, Réal-IT,[1] is mó a rinne iomráiteach í, agus ghnóthaigh sí duaiseanna dá bharr, leithéid an Prix Gémeaux i 2004.[2]. Bhí sí le fáil freisin sa tsraith theilifíse Jean Duceppe[3]. Rinne sí páirteanna ina lán scannán freisin. Orthu sin bhí Les Boys 3, Soowitch et La Moitié gauche du frigo.

Ón mbliain 2005 i leith tá sí ag seinm lena grúpa rac-cheoil agus ceoil tíre Madame Moustache. Ise an príomhamhránaí agus an dordghiotáraí. Tháinig a gcéad albam, Au nom du countr(i), amach in 2008.

Tá sí sáite i ngnóthaí timpeallachta. Bhí sí páirteach sa tionscadal comhshaoil “Vu du large II”[4] agus in 2007 thosaigh sí féin agus Christophe Rapin ag cur Rallye Müvmedia, clár taistil, i láthair ar Télé-Québec.[5].

Scannáin agus teilifís cuir in eagar

  • 1996: Virginie (sraith theilifíse) - Agathe Sirois
  • 1999: Karaoke - Geneviève
  • 2000: La Moitié gauche du frigo - Odile
  • 2001: Soowitch - Karine
  • 2001: Les Boys 3 - Chantal
  • 2002: Jean Duceppe (sraith theilifíse) - Louise Duceppe
  • 2002: Réal-IT (sraith theilifíse) - Manu
  • 2005: Les Invincibles (sraith theilifíse) - Kathleen Samson
  • 2006: Les 7 (miondráma ceoil) - Jolie Julie
  • 2006: Et Dieu créa… Laflaque - Voix de Laurence

Dioscliosta le Madame Moustache cuir in eagar

  • 2008: Au nom du countr(i) (GSI)
  • 2009: Génération Passe-Partout[6]
  • 2012: Maison mobile" ℗ 2012 Sphere Musique sous license de GSI Musique. Eisithe i Lúnasa 2012.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Page sur Réal-IT chez Téléfilm Canada : http://www.telefilm.gc.ca/fr/catalogues/production/real-it Curtha i gcartlann 2012-09-19 at Archive.today. Arna rochtain ar an 3 Lúnasa 2011
  2. Meilleure interprétation premier rôle : jeunesse: Académie canadienne du cinéma et de la télévision: http://evenements.acct.ca/prix-gemeaux/gagnants-depuis-1987/interpretation/meilleure-interpretation-premier-role-jeunesse.html[nasc briste go buan]. Arna rochtain ar 3 août 2011.
  3. Page de Geneviève Néron chez l'Agence Pierre Noiseux: http://www.agencepierrenoiseux.com/profil-artiste.aspx?ArtistID=20 Curtha i gcartlann 2011-09-12 ar an Wayback Machine. Arna rochtain ar 30 Iúil 2011
  4. Vu du large II: Téléfilm Canada: http://www.telefilm.gc.ca/en/catalogues/production/vu-du-large-ii[nasc briste go buan]. Arna rochtain ar an 31 Iúil 2011
  5. ”Cinq questions à Geneviève Néron,” La Presse: http://moncinema.cyberpresse.ca/nouvelles-et-critiques/nouvelles/article/967-Cinq-questions-a-Genevieve-Neron.html[nasc briste go buan]. Arna rochtain ar an 31 Iúil 2011.
  6. ”Une quinzaine d'artistes chanteront Passe-Partout,” Agnès Gaudet, 5/11/2008: Le Journal de Montréal: http://www.canoe.com/divertissement/musique/nouvelles/2008/11/05/7312036-jdm.html Curtha i gcartlann 2008-12-09 ar an Wayback Machine. Arna rochtain ar 30 Iúil 2011