Georg Voigt
Ba staraí Gearmánach é Georg Voigt a rugadh sa bhliain 1827 i Königsberg sa Phrúis Thoir. Fuair sé bás i Leipzig sa bhliain 1891. Ba mhac an staraí Johannes Voight é Georg. Bhain Georg, chomh maith le Jacob Burckhardt, le bunaitheoirí an taighde nua-aimseartha, i dtaobh an Renaissance san Iodáil. Sa bhliain 1860, ceapadh é mar ollamh staire in Ollscoil Rostock, ar mholadh ó Heinrich von Sybel. Sa bhliain 1866, ceapadh é ina ollamh staire in Ollscoil Leipzig, i ndiaidh an staraí Wilhelm Wachsmuth. Bhain a chuid taighde le téamaí an daonnachais sa 15ú haois agus sa 16ú agus ar stair an chogaidh Schmalkalden. Murab ionann agus Burckhardt, bhain taighde Voigt le chéad céad na gluaiseachta a tháinig ón Renaissance a thosaigh i bhFlórans agus a scaip fud fad na hEorpa. Chuir Buckhardt síos ar gach gné den tsochaí Iodálach le linn an Renaissance.
Georg Voigt | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Königsberg, Aibreán 5, 1827 |
Náisiúntacht |
An Ghearmáin an Phrúis |
Bás | Leipzig, Lúnasa 18, 1891 |
Muintir | |
Athair | Johannes Voigt |
Oideachas | |
Alma mater | Ollscoil Königsberg |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Múinteoirí |
Wilhelm Drumann (en) ![]() |
Gairm | |
Gairm |
historian of the modern age (en) ![]() |
Áit oibre | München agus Leipzig |
Fostóirí |
Ludwig Maximilian University of Munich (en) ![]() Ollscoil Leipzig University of Rostock (en) ![]() |
Ballraíocht |
Saxon Academy of Sciences (en) ![]() Bavarian Academy of Sciences and Humanities (en) ![]() Austrian Academy of Sciences (en) ![]() |