Georgia Drummy

imreoir leadóige Éireannach

Is imreoir leadóige sóisearach Éireannach í Georgia Drummy. Rugadh í ar an 18 Aibreán 2000 i mBaile Átha Cliath.

Infotaula de personaGeorgia Drummy
Beathaisnéis
Breith18 Aibreán 2000
24 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmimreoir leadóige Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtleadóg Cuir in eagar ar Wikidata
Módúlacht Cluiche leadóige enllaç=enllaç= enllaç= Sáriarracht phearsanta
WTA Info WTA Cuir in eagar ar Wikidata

Gairm cuir in eagar

2018 cuir in eagar

Imríonn Drummy ar chomórtais na hóige. Sa chraobh 2016 Australian Open, bhuaigh sí áit i gcomórtas na gcailíní mar cháilitheoir. Chaill sí a céad chluiche, i gcoinne Ayano Shimizu.

I 2018 d'imir Drummy ag 2018 French Open. Chaill sí a céad chluiche i gcoinne María Camila Osorio Serrano, réimnithe in ord feabhais ag uimhir a trí. Bhí sí ag imirt i gcomórtas na mbeirteanna le Simona Waltert, ón Eilvéis. Bhuaigh siad a gcéad chluiche i gcoinne Leylah Annie Fernandez agus Joanne Zuger. Chaill siad a ndara chluiche ML Carlé agus C Gauff, réimnithe in ord feabhais ag uimhir a sé.

D'imir Dummy ag 2018 Wimbledon Championships. Chaill sí a céad chluiche i gcoinne Wang Xiyu, réimnithe in ord feabhais ag uimhir a deich. D'imir sí i gcomórtas na mbeirteanna le Alexa Noel, ón Stáit Aontaithe. Bhí siad réimnithe in ord feabhais ag uimhir a seacht. Bhuaigh siad a gcéad cluiche i gcoinne Leylah Viktoryia Kanapatskaya agus Lenka Stará. Bhuaigh siad a ndara chluiche Amelia Bissett agus Morgan Cross. Chaill siad a gcluiche sa cheathrú-ceannais i gcoinne Caty McNally agus Whitney Osuigwe.

D'imir Dummy ag 2018 US Open. Bhuaigh sí a céad chluiche i gcoinne Anastasia Tikhonova. Chaill sí a dara chluiche i gcoinne Naho Sato, réimnithe in ord feabhais ag uimhir a naoi. D'imir sí i gcomórtas na mbeirteanna le Viktoriia Dema, ón Úcráin. Chaill siad a gcéad cluiche i gcoinne Taisya Pachkaleva agus Anastasia Tikhonova.

Bhain Drummy áit amach ag na Cluichí Oilimpeacha do Dhaoine óga an tSamhraidh 2018 atá ar siúl i mBuenos Aires, An Airgintín. Bhuaigh sí a céad chluiche i gcoinne Valentina Ivanov, ach chaill sí a dara chluiche i gcoinne Daniela Vismane. D'imir sí i gcomórtas na mbeirteanna le Ana Makatsaria, ón tSeoirsia. Chaill siad a gcéad cluiche i gcoinne Yuki Naito agus Naho Sato, a bhain áit amach sa cheannais.

Tagairtí cuir in eagar