Osclóidh seo an príomhroghchlár

Eagraíocht náisiúnaíoch fhíor-Ghaelach sna 1940idí in Éirinn a bhí i nGlúin na Buaidhe (tabhair faoi deara go gcloíonn ainm na heagraíochta le gramadach Ghaeilge Uladh; "Glúin an Bhua" a bheadh ann de réir an Chaighdeáin). Ba iad Gearóid Ó Cuinneagáin agus Proinsias Mac an Bheatha príomhfheidhmeannaigh na heagraíochta. Bhí baint ag Annraoi Ó Liatháin leis an eagraíocht freisin, agus scríobhadh Ciarán Ó Nualláin - deartháir Flann O'Brien - colúin ar iris na Glúine. Bhí Cathal Ó Sándair, scríbhneoir don aos óg, páirteach ann freisin. Craobh de chuid Chonradh na Gaeilge - Craobh na hAiséirí - a bhí ann ar dtús, ach ó theastaigh ón gCuinneagánach clár oibre polaitíochta a chur chun cinn, fuair sé dealú ón gConradh.

Is deacair breithiúnas ceart a thabhairt ar an nGlúin inniu. Ó thaobh amháin, bhí blas an antoisceachais ar an náisiúnachas a bhí mar réalt eolais ag lucht ceannais na Glúine. Le fírinne, is é an cineál idé-eolaíochta a bhí ann ná an radacachas sainiúil Éireannach ina dtagann an náisiúnachas, an Caitliceachas, an Poblachtachas agus, fiú, cineál Sóisialachais le chéile. Ón taobh eile, is léir go ndearna an Ghlúin éacht mór ag eagrú daoine óga ar son chúis na Gaeilge. Ar obair na Glúine, nó ar obair Chraobh na hAiséirí, a d'fhás an iris fhadsaolach úd Inniu, chomh maith leis an teach foilsitheoireachta Foilseacháin Náisiúnta Teoranta (FNT).

Cibé scéal é, ní raibh fad saoil i ndán do Ghlúin na Buaidhe féin. D'fhill an chuid is mó de na baill go ciúin ar an gConradh cúpla bliain i ndiaidh na scarúna. Ba é meon deachtóra an Chuinneagánaigh a chaill an Ghlúin, mar eagraíocht. Fear fuinniúil a bhí ann a rinne cuid mhaith ar son na teanga a fhad is a bhí srianta leis, ach nuair a bhí sé i gceannas ar a eagraíocht féin, chuaigh sé thar fóir.

Léigh freisinCuir in Eagar

  • MAC AN BHEATHA, Proinsias: I dTreo na Gréine. Foilseachán Náisiúnta Teoranta, Cathair na Mart, gan dáta.
  • MAC AONGHUSA, Proinsias: Ar Son na Gaeilge - Conradh na Gaeilge 1983-1993 - Stair Sheanchais, Conradh na Gaeilge, Baile Átha Cliath 1993.