Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair
Amhrán Éireannach leis an gceoltóir Proinsias Ó Maonaigh is ea Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair. Scríobh Ó Maonaigh an t-amhrán faoina bhaile dúchais, Gaoth Dobhair i gContae Dhún na nGall.
Liricí
cuir in eagar- Céad slán ag sléibhte maorga chontae Dhún na nGall
- Agus dhá chéad slán ag an Earagal árd, ina stua(í) os cionn caor 's call
- Nuair a ghluais mise thart le loch Dhún Lúich, go ciún sa ghleann ina luí
- I mo dhiaidh bhí Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair,
- is beag nár bhris mo chroí.
- Ag taisteal dom amach tríd chnoic Ghleann Domhain, 's an Mhucais ar mo chúl
- Ní miste domh 'rá le brón 's le crá, ghur fhreasach a shíl mise súil
- Go 'Meiriceá siar, a bhí mo thriall, i bhfad thar an fharraige mhór
- D'fhág mé slán ar feadh seal ag Dún na nGall,
- 's ag Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair.
- Níorbh é mo mhiansa imeacht ariamh ó mo thír bheag dhílis féin
- Ach trom lámh Gall, le cluain 's le feall, a thiomáin mé i gnéill
- B'é rún mo chroíse pilleadh arís, nuair a dhéanfainn beagán stór
- 'S deireadh mo shaoil a chaitheamh lem ghaoil,
- fá Ghleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair.
- Slán, slán go fóill a Dhún na nGall, a chontae shéimh gan smál
- 'S do d'fheara bréa in am an ghá, nár umhlaigh riamh roimh Ghall
- Tá áit i mo chroí do gach fear a gach mnaoi, 's gach páiste beag agus mór
- Áta beo go buan, gan bhuairt gan ghruaim,
- fá Ghleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar"Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair" ar IrishSongs.com Curtha i gcartlann 2009-01-22 ar an Wayback Machine