Grúpaí polaitíochta i bParlaimint na hEorpa
Is iad Grúpaí polaitíochta i bParlaimint na hEorpa[1] ná na grúpaí polaitiúla a aithnítear go hoifigiúil arb éard iad reachtóirí atá ailínithe ar bhonn idé-eolaíoch i bParlaimint na hEorpa .[2][3]
Tá Parlaimint na hEorpa uathúil i measc na gcomhthionól fornáisiúnta sa mhéid is go n-eagraíonn a comhaltaí (FPEanna) iad féin ina ngrúpaí polaitíochta. Ní eagraítear iad de réir náisiúntachta, ach de réir cleamhnachta polaitiúla.[4] Glactar leis go bhfuil sraith de chroíphrionsabail ag gach grúpa polaitiúil, agus d'fhéadfaí grúpaí polaitíochta nach féidir leo é seo a léiriú a dhíscaoileadh.
Modh oibre
cuir in eagarSuíonn na FPEnna i ngrúpaí polaitíochta - Sa bhliain 2024, bhí 8 ngrúpa polaitíochta sa Pharlaimint. Chun grúpa polaitíocht a chur ar bun, is gá 23 Fheisire agus ní mór ionadaíocht a bheith ag an gceathrú cuid ar a laghad de na Ballstáit laistigh den ghrúpa. Ní fhéadfaidh Feisire a bheith i níos mó ná grúpa polaitiúil amháin.
Tá roinnt Feisirí ann nach mbaineann le grúpa polaitiúil ar bith agus tugtar Feisirí neamhcheangailte orthu.
Tá gach grúpa polaitiúil freagrach as a eagar inmheánach féin, trí chathaoirleach (nó beirt chomhchathaoirleach i gcás grúpaí áirithe), biúró agus rúnaíocht a cheapadh.
Cinneadh na háiteanna a shanntar d'Fheisirí sa Seomra Tionóil trí chleamhnacht pholaitiúil, ó chlé go deas, trí chomhaontú le cathaoirligh an ghrúpa.
Roimh gach vóta sa suí iomlánach déanann grúpaí polaitiúla grinnscrúdú ar na tuarascálacha arna ndréachtú ag na coistí parlaiminteacha agus cuireann siad leasuithe síos orthu.
Aontaítear an seasamh a ghlacfaidh an grúpa polaitiúil trí phlé laistigh den ghrúpa. Ní féidir iallach a chur ar aon Fheisire vótáil ar shlí ar leith.[2]
Liosta (2024)
cuir in eagar- Grúpa Pháirtí an Phobail Eorpaigh (Na Daonlathaithe Críostaí)
- An Grúpa d'Aontas Forchéimnitheach na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe
- Renew Europe Group
- An Grúpa Glas/Grúpa na Saor-Comhghuaillíochta Eorpaí
- An Grúpa do Choimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa
- Grúpa na Féiniúlachta agus an Daonlathais
- Grúpa na Clé i bParlaimint na hEorpa - GUE/NGL
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ nó Grúpaí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa, nó i mBéarla, European Parliament party groups
- ↑ 2.0 2.1 europarl.europa.eu. "Grúpaí polaitiúla" (ga-IE). Grúpaí polaitiúla. Dáta rochtana: 2024-06-24.
- ↑ Muiris O'Cearbhaill (2024-06-01). "‘Ispíní a dhéanamh’: Cad is FPE ann agus cad a dhéanann siad?" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2024-06-24.
- ↑ Hines (2003). “The European Parliament and the Europeanization of Green Parties”. University of Iowa. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 28 May 2008. Dáta rochtana: 2008-03-01.