Feisire de Pharlaimint na hEorpa

(Athsheolta ó FPEanna)

Is éard is Feisire de Pharlaimint na hEorpa (FPE) ann ná duine atá mar ionadaí de chuid an phobail i bParlaimint na hEorpa.

Infotaula de càrrec políticFeisire de Pharlaimint na hEorpa
Dlínsean tAontas Eorpach
Stáitluach anaithnid
Sainordú5 bliain
Cruthú1958, 1979 agus 1952
Liostalist of members of the European Parliament (2019–2024) (en) Aistrigh
Suíomheuroparl.europa.eu…

Is í Parlaimint na hEorpa an dara pharlaimint is mó ar domhan agus tá 720 Feisire de Pharlaimint na hEorpa (FPE) ann as 27 Ballstát. Bhí14 FPE ag Éirinn in 2024 agus déanann siad ionadaíocht do thrí thoghcheantar na hEorpa. Dáiltear sé shuíochán ar a laghad ar gach tír sa Pharlaimint.

Ó roinnt tuairimí, tá FPEnna ná TD níos tábhachtaí mar gheall go bhfuil reachtaíocht á rith acu a théann i bhfeidhm ar 450 milliún duine, agus tá ról tábhachtach ag FPEnna na hÉireann. Ach, níl an ardphróifíl chéanna acu i bpolaitíocht na hÉireann, agus is fadhb í seo i ngach Ballstát. Is minic nach gcaitheann saoránaigh vóta ar shaincheisteanna na hEorpa, ach úsáideann siad saincheisteanna náisiúnta mar bhunús dóibh.[1]

Seomra Pharlaimint na hEorpa, Strasbourg, An Fhrainc.
Seomra Pharlaimint na hEorpa, An Bhruiséil, An Fhrainc.
Seomra Coiste ag Parlaimint na hEorpa sa Bhruséil.
FPE na hÉireann Barry Andrews FF ag labhairt le linn díospóireachta ag an IIEA, 2018
Toghchán Pharlaimint na hEorpa, 2024
2022: Barry AndrewsFianna Fáil, Frances Fitzgerald Fine Gael, [Mark Daly FF], Ciarán Cuffe Comhaontas Glas (Clare Daly ar iarraidh)
Grúpaí polaitíochta i bParlaimint na hEorpa, 2019 (agus 2014); bhí an R-A fós ann

Grúpaí polaitíochta

cuir in eagar

Suíonn na FPEnna i ngrúpaí polaitíochta ; sa bhliain 2024, bhí 8 ngrúpa polaitíochta sa Pharlaimint. Chun grúpa polaitíocht a chur ar bun, is gá 23 Fheisire agus ní mór ionadaíocht a bheith ag an gceathrú cuid ar a laghad de na Ballstáit laistigh den ghrúpa. Ní fhéadfaidh Feisire a bheith i níos mó ná grúpa polaitiúil amháin.[2]

Tá roinnt Feisirí ann nach mbaineann le grúpa polaitiúil ar bith agus tugtar Feisirí neamhcheangailte orthu.

Den chuid is mó, is é post an FPE vóta a chaitheamh ar reachtaíocht agus treoracha ar bhealach a dhéanann ionadaíocht do shuimeanna a dtoghthóirí. Déantar an chuid is mó den vótáil le linn ‘Cruinnithe Iomlánaigh’ – seisiún ceithre lá chun díospóireacht a dhéanamh agus vóta a chaitheamh ar na dlíthe is déanaí. Is féidir le roinnt dlíthe sin a bheith an-sonrach, ar nós uas-leibhéal ábhar truaillithe atá ceadaithe i mbia a leagan amach ar fud na hEorpa.[1]

Is féidir le dlíthe eile a bheith níos teicniúla, mar shampla in 2024, chaith an Pharlaimint vóta rialacháin ar Intleacht Shaorga a ghlacadh a athróidh an chaoi a dtéann forbróirí i ngleic lena dtáirgí agus cosaintí a chur i bhfeidhm in aghaidh úsáide mailísí IS (Acht um Intleacht Shaorga).

Maidir le dlíthe a mbeidh tionchar níos mó acu ar líon níos mó daoine, de ghnáth, déanann na FPEnna díospóireacht faoin dréacht-reachtaíocht ar an lá roimh an vótáil. Tugann sé sin deis do na polaiteoirí tacaíocht nó cáineadh a chur in iúl agus ligeann sé d’idirbheartaithe na leasuithe an chaoi a n-oibreoidh an dlí a leagan amach.

I ndiaidh díospóireachtaí, taighde agus treoir ó shainchomhairleoirí, déanann FPEnna cinneadh ar an gcaoi a gcaithfidh siad vóta. De ghnáth, roghnóidh FPEnna vóta a chaitheamh ar bhealach a dhéanann ionadaíocht dá dtoghthóirí, agus is féidir leis sin a bheith míchompordach dá bharr – mar gheall ar na dearcthaí éagsúla a ndéantar ionadaíocht dóibh sa Pharlaimint. Mar shampla,in 2024, chaith FPEnna Fhine Gael vóta ar son an Dlí Athchóirithe Nádúir agus chaith an chuid is mó dá ghrúpa parlaiminte vóta in aghaidh an dlí sin. Luaigh Fine Gael an tábhacht a bhain leis an nádúr agus bithéagsúlacht a choinneáil in Éirinn.[1]

Reachtaíocht

cuir in eagar

Mar gheall ar scóip leathan na ndlíthe a thagann os comhair FPEnna, tá an-chumhacht ag an ngrúpa polaiteoirí sin maidir leis an reachtóireacht i ngach tír. In Éirinn, meastar go dtagann thart ar 70% den reachtaíocht a dhréachtú, a leasú agus a ghlacadh ón Aontas Eorpach.[1]

Ar an ábhar seo, agus do na hiarmhairtí éagsúla a thagann chun cinn mar gheall ar theipeanna freagrachtaí reachtaíochta iomlána (lena n-áirítear fíneálacha móra) a chomhlíonadh, ba cheart do FPE gach ‘téacs’ a mheas a chuirtear faoina mbráid.

Déanann Parlaimint na hEorpa díospóireacht faoi agus vóta a chaitheamh ar thrí chineál téacs éagsúil:

  • Tuarascálacha reachtaíochta: téacsanna maidir le héifeachtacht dréacht-dlí nó athruithe ar an reachtaíocht laistigh den Aontas Eorpach.
  • Nós imeachta buiséid: dearbhú foirmiúil maidir le caiteachas agus ioncam an Aontais Eorpaigh.
  • Tuarascálacha neamh-reachtaíochta: tuarascálacha siombalacha arna ndréachtú ag FPEnna ionas gur féidir leis an bParlaimint aird na n-institiúidí AE agus aird an phobail a tharraingt ar thopaic áirithe.

Is féidir le FPEnna a roghnú a dtuairim a thabhairt ar na tuarascálacha sin sula gcaitheann siad vóta orthu. Is minic a thugtar tréimhse ama an-ghearr do gach feisire a gcuid a rá – ag brath ar líon na bpolaiteoirí a d’iarr ar chead cainte.

Tugtar tús áite sna díospóireachtaí seo don rapóirtéir – an FPE a bhí i gceannas ar idirbheartaíochta maidir le leasuithe ar leibhéal an choiste agus a d’ullmhaigh an tuarascáil reachtaíochta.[3]

Nuair atá cinneadh déanta ag an bParlaimint ar na dlíthe seo, cuirtear ar aghaidh iad chuig an gcuid eile d’institiúidí an Aontais Eorpaigh chun díospóireacht a dhéanamh fúthu agus iad a chur i bhfeidhm ina dhiaidh sin.[1]

Is i seomraí coiste a chaitheann FPEnna an chuid is mó dá n-am. Cuireann Grúpaí polaitíochta i bParlaimint na hEorpa feisirí ar aghaidh chuig an gcoiste bunaithe ar a gcáilíochtaí roimhe sin. Tá coistí an do gach dlínse an Aontais Eorpaigh agus gach fochoiste cuí.[1]

Is ionann Dlínsí an Aontais Eorpaigh agus an méid seo a leanas:

  • Aontas custam a bhunú agus a choinneáil idir ballstáit
  • Iomaíocht tráchtála a rialú
  • Beartais airgid a thabhairt isteach don Aontas Eorpach
  • Iascach laistigh de bhallstáit a bhainistiú
  • Gníomhaíocht tráchtála a rialú agus monatóireacht a dhéanamh uirthi
  • Caidreamh idirnáisiúnta le stáit sheachtracha a bhunú agus a choinneáil

Seolann an Coimisinéir Eorpach cuí dréacht-mholtaí na reachtaíochta chuig na coistí seo ; scrúdaíonn siad na rialacha atá beartaithe agus mholann siad leasuithe. Má tá Coimisinéir ag iarraidh reachtaíocht a thabhairt isteach, cuirtear an dréacht faoi bhráid an choiste a dhéanfaidh an cinneadh a scrúdú agus leasuithe a chur chun cinn. Ceapann cathaoirleach gach coiste ‘rapóirtéirí’ ar gach píosa de dhréacht-reachtaíocht, agus caithfear iad idirbheartaíochta leasaithe a threorú ansin. Ainmnítear ‘scáthrapóirtéirí’ chun a bheith ina bhfreasúra.

Breathnaítear ar na sonraí ar fad le linn scrúdaithe an choiste agus ní mór teacht ar chomhaontú ar gach leasú trí chomhréiteach ag an gcoiste. Agus seasaimh pholaitíochta na FPEnna agus a suimeanna náisiúnta á gcoinneáil acu le linn na n-idirbheartaíochta, déantar an chuid is mó de na comhaontuithe bunaithe ar bhonn comhréitigh a aontaíodh idir polaiteoirí. Ní hamháin gur grúpaí polaitiúla iad ach is grúpa de Bhallstáit iad freisin. Tarlaíonn go leor comhghuaillíochtaí mar sin.

Is é ról an rapóirtéara teacht ar chomhréiteach ar fud seacht ngrúpa polaitíochta – agus, dár ndóigh, iad sin nach bhfuil ailínithe – agus a bheith ar an eolas faoin méid atá ag tarlú i saol náisiúnta gach ballstáit. Tá an tasc fadálach go minic, agus is deacair don rapóirtéir teacht ar chomhréiteach. Tá ar an FPE go leor oibre a dhéanamh chun dul i gcomhairle le comhghleacaithe eile agus iad a thuiscint.”[1]

Idirphlé trípháirteach

cuir in eagar

Chun díospóireachtaí ar feadh míonna a sheachaint, reáchtálann an Pharlaimint agus Comhairle na nAirí díospóireachtaí an-fhada, ar a dtugtar ‘Idirphlé Trípháirteach’. Bíonn idirphlé trípháirteach ar siúl thar chúpla lá nó seachtain agus ní bhíonn siad críochnaithe go dtí go dtagtar ar chomhaontú.[1]

Nuair a chomhaontaítear na leasuithe agus nuair a thacaíonn an coiste leo, tógann na rapóirtéirí an dréachtreachtaíocht chuig an bParlaimint le haghaidh cruinniú iomlánach, trí thuarascáil reachtaíochta. Is é sin an deis deireanach an bille a rith.

Ról sa taidhleoireacht idirnáisiúnta

cuir in eagar

Tá ról ríthábhachtach ag FPEnna sa taidhleoireacht idirnáisiúnta agus maoirseacht daonlathach. Is gnáthrud é anois misin breathnóireachta, atá curtha ar bun ag an bparlaimint le feidhmiú mar choiste faire le linn toghchán idirnáisiúnta. Is lucht déanta polasaithe sinsearach atá sa chuid is mó de na Grúpaí caidrimh idirnáisiúnta, dar le Petit, agus cuireadh ar bun iad chun maoirseacht a dhéanamh ar thoghcháin dhaonlathacha nó cur i bhfeidhm próiseas nua maidir le náisiúin a fhorbairt.[1]

Féach freisin

cuir in eagar
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 1.6 1.7 1.8 Muiris O'Cearbhaill (2024-06-01). "‘Ispíní a dhéanamh’: Cad is FPE ann agus cad a dhéanann siad?" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2024-06-24.
  2. europarl.europa.eu. "Grúpaí polaitiúla" (ga-IE). Grúpaí polaitiúla. Dáta rochtana: 2024-06-24.
  3. mar shampla, bhí cead cainte cúig nóiméad in 2024 ag FPE Chomhaontas Glas na hÉireann Ciarán Cuffe agus a thuairim á thabhairt maidir le cén fáth ar cheart don Pharlaimint an Treoir Iarfheistithe’, mar a thugtar air, a ghlacadh, a raibh sé ina rapóirtéir dó.