Is éard is guairne dóiteáin, ar a dtugtar freisin tine an diabhail, nó tornádó an diabhail, ná camfheothan spreagtha de bharr tine, agus is minic é a bheith déanta suas de lasair. Nuair a comhtharlaíonn dian-ardú teasa agus aer suaite, is féidir leis na coinníollacha seo teacht le chéile chun sruthanna guairneáin san aer a chur i gcruth. Is féidir leis na guairneáin seo éirí níos doichte isteach i struchtúr ar nós tornádó, a tharraingíonn smionagar ar lasadh agus gáis indóite. Is annamh, áfach, go n-éiríonn guairní dóiteáin ina bhfíor-thornádónna, sé sin le rá, camfheotháin dianrothlacha a nascann an dromchla le bonn scamaill chumalais (mar shampla pireachumulas nó pirachumalainimbeas.)

Guairne dóiteáin le lasracha sa chuilithe

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar