Féile Mhic Dara 2005

Ó thús ama ba ghnáthach le daoine bealaí a fháil chun iad féin a choinneáil ar snámh. Leis an méid sin óileán timpeall ar chósta na hÉireann bhí daoine i gcónaí ag brath ar bháid. Téann ceird an tsaoir báid siar go dtí aimsir na nGréagach agus na Rómánach. Tá sé ráite go ndeachaigh Colmcille go hAlbain i gcurach thart ar 521-597 A.D. Tá an Húicéir dén déanamh céanna leis an mbád sleamhain (“carvel”) a bhíodh á úsáid sa Mheánmhuir; bhain an bád clinse ("clinker") le tuaisceart na hEorpa. Tá sé scríofa ag John de Courcey Ireland (1986) go bhfuil tagairt don Húicéir ar chóstaí an iarthair agus an deiscirt ag deireadh an seachtú haois déag. I rith réim na banríona Eilís bhí achtanna ann i gcoinne long na hÉireann. Níor tugadh mórán aird ar na soithigh bheaga a bhí le fail ar fud cósta an iarthair mar cheap na hudaráis nach raibh aon chontúirt ag baint leo. Ansin ó 1790 i leith tháinig méadú ar an Húicéir mar atá sí inniu. I 1776 bhí siad idir 4-6 tonna ach ó 1790 d’fhéadfadh siad a bheith idir 8-10 tonna nó fiú suas le 12-15 tonna.

Húicéirí na Gaillimhe

cuir in eagar

Bhíodh a lán cineál Húicéirí ann, mar Húicéir na Gaillimhe, Dhún na nGall, Chionn tSáile, Chathair na Mart, agus Boston. Bhíodh na tréithe céanna acu, cé go bhfuil difríochtaí suantasacha eatarthu freisin. Tá sé an-deacair a chreidiúint anois gurbh í Húicéir Na Gaillimhe an t-aon cheann atá le feiceáil san aois seo. Ceann de na fáthanna go bhfuil sé mar sin ná gur mhair ceird an tsaoir báid san iarthar. I gclann an Húicéara tá an “Ghleoiteog”, an “Púcán” agus an “Bád Mór.

Obair na mBád

cuir in eagar

Bhíodh na báid seo ag obair I dtús an naoú haois déag mar ní bhíodh aon rud ar siúl ar bhóithre idir Gaillimh agus Connamara, mar sin bhíodh na daoine ar chósta iarthair na hÉireann ag brath orthu. Bhíodh siad ag iompair feamainn isteach go Gaillimh agus móin go Co. An Chláir chomh maith le earraí eile a mbíodh á thabhairt amach ó Ghaillimh. Bhíodh úinéirí na soithigh seo tógtha suas le cúrsaí farraige ach thagadh spailipíní le obair ar an talamh. Bhíodh an bhliain roinnte acu ina chúig nó sé seisear ag brath ar chéard a bhíodh ar siúl. Tógadh na Húicéirí deireanach sna naoi déag fichéidí. Ansin bhíodh na saortha bád ag tógáil bád iascaireachta agus currachaí. Lean an ceird ar aghaidh go deireadh naoi déag seachtú.

Na Saortha Bád

cuir in eagar

Ceird an tábhachtach a bhí ag an saortha bád le fada an lá. Thóg sé seacht mbliana ag obair le máistir sa cheird sin sula mbeadh tú cáilithe. Bhí freagracht an mhór ort, soitheach a dhéanamh a bheadh sábháilte agus láidir. Bhí na saortha bád go maith as ag an am sin, ar aon dul leis an ghabha, an siúinéir nó an táilliúir. Tá seanfhocal ann a deireann “ceapann mná gan chiall go bhfuil óir ag saortha bád”. Tá ceirdeanna eile ag taisteáil freisin, an ghabha, na daoine a dhéanann na rópaí agus na seolta.

The Galway Hooker Association

cuir in eagar

Thosaigh athbheothain na Húicéirí I 1978 nuair a tháinig grúpa le chéile a raibh suim acu sna Húicéirí agus an seoltóireacht agus bhunaigh siad “The Galway Hooker Association”. Is iad na haidhmeanna atá acu ná sean Húicéirí a athchóiriú agus a dheisiú, chomh maith le cinn nua a thógáil. Treoireacha a leagan amach chun na báid a thógáil sa stíl dúchasach. Geallta agus rásaí a eagrú. Gradaim agus duaiseanna a chuir ar fáil do dhaoine a thugann seirbhís don eagras Nuachtlitir a fhoilsiú. http://www.galwayhookerassociation.ie

 
Húicéirí

Ceann de na radharcanna is deise atá le feiceáil sa lá atá inniu ann ná na soithigh álainne, maorga seo na Húicéirí-Púcáin, Gleoiteóigí, agus na báid mhóra ag treabhadh na dtonnta lena seolta crochta. Tá ár mbuíochas ag dul do na saortha bád a choinnigh an cheird beo, agus a thug oidhreacht an-tábhachtach don ghlúin atá ann inniu. Ní amháin go bhfuil na báid seo le feiceáil ar chósta iarthair na tíre ach tá siad ag seoladh go bródúil go dtí an Eoraip agus fiú amháin go Meiriceá Thuaidh. Tá seans ag an domhan mór na báid seo ón seansaol a fheiceáil.