Is éard is haiceálaí ann ná duine a bhfuil ardscileanna ríomhaireachta aige/aici a úsáideann eolas teicniúil chun sprioc a bhaint amach nó constaicí a shárú laistigh de chóras ríomhaireachta, go háirithe ar bhealach cliste nó seiftiúil. I measc saineolaithe ríomhaireachta, is téarma moltach é seo. Sa lá atá inniu ann, áfach, is minic a úsáidtear an téarma seo le brí ghaolmhar ach difriúil; is é sin “haiceálaí slándála” (nó “bradaí”), duine a bhriseann isteach i gcóras ríomhaireachta gan chead.

WD Bosca Sonraí GairmHaiceálaí
Cineál fostaíochta
eolaí ríomhaireachta, saoithín agus geek (en) Aistrigh
Réimse oibre
haiceáil

Cuirtear “naíonáin scriptithe”[1] san áireamh le haiceálaithe den sórt seo — daoine gan mórán eolais teicneolaíochta acu a úsáideann ríomhchláir scríofa ag daoine eile chun briseadh isteach i ríomhairí. Toisc go bhfuil an lámh in uachtar sna meáin chumarsáide ag an mbrí a bhaineann le cúrsaí slándála, feictear téarmaí eile i nGaeilge ar an mbrí níos leithne, mar shampla “seifteoir” nó “ríomhéigeas”.[2] Ba é “bradaí” an téarma a mhol an Coiste Téarmaíochta ar “haiceálaí slándála” i dtús báire, ach dímholadh an téarma sin tamall ó shin, agus is é “haiceálaí” an téarma oifigiúil anois, in ainneoin na hathbhrí.[3] Tá an bhunbhrí fós i mbéal an phobail i dtéarmaí nua ar nós “haiceálaí fáis”[4] agus “haiceálaí saoil”.

Tháinig cultúr na haiceálaithe chun cinn i dtús báire i measc pobail ríomhchláraitheoirí agus dearthóirí córais sna 1960idí ag MIT, go háirithe sa Tech Model Railroad Club agus sa tSaotharlann Intleachta Saorga.[5][6] Leathnaigh an coincheap go dtí an pobal a thóg ríomhairí baile mar chaitheamh aimsire sna 1970idí, mar shampla an Homebrew Computer Club. Rinne an t-údar Steven Levy cur síos ar an stair seo ina leabhar Hackers: Heroes of the Computer Revolution a foilsíodh den chéad uair in 1984.

Haiceálaithe cáiliúla cuir in eagar

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. “script kiddie” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-22.
  2. Aonghus Ó hAlmhain (2011-01-03). "Múnlú agus claochlú focail". Dáta rochtana: 2023-07-22.
  3. “hacker” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-22.
  4. “growth hacker” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-22.
  5. London, Jay (6 Aibreán 2015). “Happy 60th Birthday to the Word "Hack"”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 7 Bealtaine 2016. Dáta rochtana: 16 Nollaig 2016.
  6. Raymond, Eric (25 Lúnasa 2000). “The Early Hackers”. A Brief History of Hackerdom. Thyrsus Enterprises. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 10 Deireadh Fómhair 2008. Dáta rochtana: 6 Nollaig 2008.