Is é an haiku an fhoirm is lú d'fhoirmeacha filíochta an domhain (i dteannta an tré). Gabhann a chuid fréamhacha siar go dtí an 13ú haois agus bhláthaigh an seánra seo sa tSeapáin in aimsir Basho. De ghnáth, is i bhfoirm trí líne a bhíonn an haiku agus ní théitear de ghnáth thar 17 siolla. 'An rud atá os do chomhair a fheiscint, breith ar nóiméad solasmhar'. Sin is haiku ann, dar leis an bhfile Gaeilge Gabriel Rosenstock.

Santōka Taneda

cuir in eagar

I mí Aibreáin, 1926 chuaigh an file haiku Seapánach agus manach Búdaíoch Santōka Taneda ar an gcéad aistear siúlóide aige. Shiúil sé ar fud na bhfud. Le linn dó a bheith ag siúl, chaitheadh sé róbaí sagairt agus hata mór bambú ar a dtugtar kasa, in aghaidh na gréine. Ag déircínteacht a bhí sé, ag dul ó dhoras go doras, agus is minic a chaith sé na pinginí beaga a fuair sé ar lóistín agus ar dheoch.

I gcaitheamh na siúlóidí fada sin, scríobh sé haiku gan stad, a mheon á thaifeadadh aige, thuas seal, thíos seal, agus é sa tóir ar lánléargas spioradálta. Haiku saorfhoirme a chleacht sé, seachas cloí le rialacha foirmiúla an traidisiúin. Friotal simplí, gan aon deighilt idir an fhilíocht agus a thaithí féin.