An tSeapáin
Is tír in oirthuaisceart na hÁise í an tSeapáin (Nippon/Nihon; 日 (grian); 本 (fréamh ach bunús); 国 (tír), go litriúil tír bunús na gréine). Tá sí suite idir an tAigéan Ciúin agus Muir na Seapáine.
Tíreolaíocht
cuir in eagarOileánra atá sa tSeapáin. Tá timpeall ar 6,800 oileán ann ar fad, ach is iad Kyūshū (九州), Shikoku (四国), Honshu (本州, an t-oileán is mó), agus Hokkaidō (北海道) na cinn is tábhachtaí. Tá sléibhte arda sa chuid is mó de na hoileáin, agus bolcánachas áirithe ann chomh maith. Is bolcán é Sliabh Fuji freisin, arb é an sliabh is airde sna hoileáin.
Tá beagnach 128 milliún duine ina gcónaí sa tSeapáin, agus mar sin, tá sí ar an deichiú tír is mó daonra. Is é réigiún Thóiceo an mórcheantar uirbeach is mó ar.
Stair
cuir in eagarTugann fianaise na seandálaíochta le fios go raibh áitreabh daonna sa tSeapáin chomh luath leis an ré Phailéiliteach Uachtarach, is é sin, tríú trian na ré Pailéilití, 40,000-10,000 bliain ó shin.
Rinneadh an chéad tagairt liteartha don tSeapáin sa chéad aois AD i dtéacsanna stairiúla ón tSín.
1800idí
cuir in eagarBhí tréimhsí na hoscailteachta agus tréimhsí na scoilteachta ag teacht sna sála ag a chéile ansin. Le linn Tréimhse Meiji (明治維新, Meiji Ishin), thosaigh an tSeapáin ag trádáil leis an domhan.
An Dara Cogadh Domhanda
cuir in eagarD'fhógair an tImpire Hirohito gur ghlac an tSeapáin an fógra Potsdam ar an 15 Lúnasa 1945 (an craoladh "Jewel Voice")[1]. Mar sin, ghéill an tSeapáin agus chuir an craoladh seo críoch leis an gcogaíocht.
Ar an 2 Meán Fómhair 1945, shínigh an tSeapáin géilleadh gan chomha ar bord na loinge USS Missouri ag cur deireadh leis an Dara Cogadh Domhanda.
Borradh iarchogaidh
cuir in eagarÓ glacadh le Bunreacht na Bliana 1947, tá córas polaitiúil na tíre bunaithe ar impireacht bhunreachtúil. Is é sin, is é an tImpire atá ag rialú na tíre go hoifigiúil, ach is ag an bParlaimint, an kokkai, atá an fhíorchumhacht. Mar sin, is tír dhaonlathach pharlaiminteach í an tSeapáin go praiticiúil.
Déimeagrafaic
cuir in eagarIs í an tSeapáinis teanga oifigiúil na tíre, agus labhraíonn formhór mór na Seapánach leaganacha éagsúla den teanga seo. Thairis sin, áfach, tá na teangacha in Oileáin Ryukyu i nDeisceart na Seapáine chomh difriúil is go bhfuil sé ciallmhar glacadh leo mar theangacha gaolmhara, seachas mar chanúintí. Thairis sin, tá iarsmaí áirithe den teanga Ainu fágtha i dTuaisceart na Seapáine: teanga í sin nach bhfuil gaol ar bith aici leis an tSeapáinis ach oiread le haon teanga eile. Saothraítear í mar chaitheamh aimsire cultúrtha, cosúil leis an dóigh a mbíonn Gaeilgeoirí ag iarraidh Gaeilge a labhairt agus a chur chun cinn i gcathracha móra na hÉireann, ach dealraíonn sé nach bhfuil cainteoirí dúchais ar bith ann inniu.
Is iad na Seapánaigh an dream eitneach is mó atá ann, cé go bhfuil Cóiréigh agus Sínigh ina gcónaí sa tír chomh maith. Le fírinne, is iad na Burakumin an mionlach is tábhachtaí sa tSeapáin. Ní mionlach eitneach iad, áfach, ach aicme ar leith. I ré fheodach na Seapáine, bhí na Burakumin (部落民) ag plé le ceirdeanna a raibh neamhghlaine dheasghnách nó bás ag baint leo, is é sin, ag búistéireacht, ag súdaireacht, ag adhlacadh daoine marbha nó ag cur daoine daortha chun báis. Chuaigh an neamhghlaine dheasghnách greamaithe sna daoine seo, agus iad ag cur fúthu i ngeiteonna dá gcuid féin ionas go bhféadfadh na Seapánaigh eile iad a sheachaint. Níor tháinig maolú ar an leithcheal seo ach le déanaí, agus inniu féin is iomaí Seapánach nach gceadódh dá mhac nó dá iníon duine de na Burakumin a phósadh.
Limistéir Riaracháin na Seapáine
cuir in eagarRéigiún na Seapáine |
Maoracht na Seapáine |
Cathracha Sainithe na Seapáine |
Croí-Cathracha na Seapáine |
Cathracha Speisialta na Seapáine |
Cathracha na Seapáine |
Bailte na Seapáine |
Sráidbhailte na Seapáine |
Is iad na 47 Maoracht an céad leibhéal sna limistéar riaracháin sa tSeapáin. Is Méara tofa díreach ag an bpobal é an príomhfheidhmeannach i ngach Maoracht. Bíonn na dlíthe agus buiséid aontaithe i dtionól aon seomra reachtaigh.
Tá gach maoracht foroinnte ina gCathracha agus Ceantair. Bhíonn na Ceantair foroinnte i mbailte agus sráidbhailte.
Sráidbhailte
cuir in eagarTá an sráidbhaile níos mó ná an lonnaíocht féin toisc gur fo-roinn den cheantar faoin tuath (郡 gun) é. De bharr comhnascadh, tá an méid sráidbhailte sa Seapáin ag dul i laghad.
Tá leagan amach na Limistéir Riaracháin ag dul tríd athbhreithniú le cathracha, bailte agus sráidbhailte á cónascadh le chéile. Tá sé mar sprioc ná an méid limistéar fo-maoracht a ísliú agus costais riaracháin a ísliú dá bharr.
Réigiún
cuir in eagarTá an tSeapáin roinnte i Réigiún; ní limistéir riaracháin oifigiúil iad ach tá siad in úsáid go traidisiúnta chun an tSeapáin a roinnt. Tá ocht réigiún ann sa tSeapáin.
Eolas
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Wikipedia. "Jewel_Voice_Broadcast". Dáta rochtana: 12 Lúnasa 2018.
Is síol faoi thíreolaíocht na Seapáine é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |