Is teach mór é Loftus Halla atá suite gar do Rinn Duáin i gContae Loch Garman, Éire. Tógadh é ar shuíomh bhunfhoirgneamh Halla Redmond agus tá sé amuigh ar an teach go bhfuil an diabhal agus taibhse bhean óg ann.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Halla Loftus
Íomhá
Sonraí
CineálTeach mór tuaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinContae Loch Garman, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 52° 08′ 54″ N, 6° 54′ 33″ O / 52.1483°N,6.9092°W / 52.1483; -6.9092
ID GeoNames3226239

Halla Redmond

cuir in eagar

In 1170, shroic Raymond Le Gros an áit ar a dtugtar anois Dún Dónaill (tugtar 'Baginbun' air i mBéarla) i ndiaidh a dhá long La Bague et La Bonne. Fuair sé tailte i gContae Loch Garman agus tógadh halla mór orthu. Thóg an teaghlach Redmond caisleán nua in ionad an bhunchaisleáin in 1350, le linn an An Phlá Mhór. Tugadh Halla Redmond ar an gcaisleán sin.