Hanoi Rocks
Rac-bhanna Fionlannach ab ea Hanoi Rocks a bhí bunaithe ag an amhránaí Michael Monroe (Matti Fagerholm) agus an giotáraí Andy McCoy (Antti Hulkko) i Heilsincí sa bhliain 1979.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | racbhanna |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1979, Heilsincí |
Gníomhaíocht | |
Tréimhse oibre | 1979 – |
Lipéad ceoil | Johanna Kustannus |
Seánra | Rac-cheol crua, rac glam, punc glam agus miotal glam |
Codanna | |
Eile | |
Gradam a fuarthas
| |
Suíomh gréasáin | hanoi-rocks.net |
Chuir bás an drumadóra Shasanaigh Nicholas "Razzle" Dingley deireadh leis an ngrúpa den chéad uair sa bhliain 1985, ach chuir Monroe agus McCoy an banna ar ais le chéile uair amháin eile idir 2001 agus 2009.
Bhain Hanoi Rocks rath nach beag amach ar bhonn náisiúnta agus ar fud na cruinne. Bhíodar i mbun ceoil agus camchuairte leis na mbannaí ba mhó a rá a linne - Mötley Crüe, Poison, New York Dolls, Johnny Thunders, Def Leperd agus iliomad eile.
Bhí an-tionchar ag Hanoi Rocks ar bhannaí eile a tháinig ina dhiaidh chomh maith– Guns N’ Roses, L.A. Guns, Manic Street Preachers, Alice in Chains, Foo Fighters agus cinn eile nach iad.