Hayward, California
Cathair i dtuaisceart Chalifornia is ea Hayward. Tá Hayward suite i ndeisceart Chontae Alameda idir Castro Valley agus Union City. Tá sé suite ar bhruach thoir Bhá San Francisco agus áirítear Hayward mar sin mar chuid den fhoréigiún thoir de Cheantar Bhá San Francisco. Sa bhliain 2016 measadh 158,937 duine a bheith ina gcónaí in Hayward.
Hayward, California | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainmnithe in ómós | William Dutton Hayward agus Alvinza Hayward | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
Stát sna Stáit Aontaithe | California | ||||
County of California (en) | Contae Alameda | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 162,954 (2020) | ||||
• Dlús | 985.76 hab./km² | ||||
Líon na dteaghlach | 47,467 (2020) | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 165.307723 km² | ||||
• Uisce | 28.9032 % | ||||
Airde | 105 ft | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 11 Márta 1876 | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | hayward-ca.gov | ||||
Tá daoine ina gcónaí san áit ina bhfuil Hayward leis na mílte de bhlianta, ach tosnaíonn a stair fhoirmeálta sa bhliain nuair a tugadh cairt do Guillermo Castro lonnú ann. Rancho San Lorenzo an t-ainm a bhí ar an eastát a chuir sé ar bun. D'imigh Castro agus a theaghlach leo go dtí an tSile sa bhliain 1864 i ndiaidh an rainse a chailleadh i gcluiche cártaí. Tá Hayward ar Éasc Chrios Hayward. Sa bhliain 1868 scrios crith talún an chuid ba mhó de na foirgnimh sa bhaile. Rinneadh cathair den bhaile sa bhliain 1876.
Is síol faoi thíreolaíocht Mheiriceá é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |