Sa bhitheolaíocht atáirgthe, ainmhíplanda a mbíonn orgáin fhireannacha is bhaineannacha atáirgthe aige is ea hearmafraidíteach. Is féidir go n-aibeoidh na horgáin fhireannacha roimh na horgáin bhaineannacha (luathfhireannach), nó ina ndiaidh (luathbhaineannach), nó ag an am céanna (sioncronach). Bíonn meicníochtaí i láthair i ngnéithe sioncrónacha a chuireann bac ar fhéintoirchiú.[1]

Arion rufus ag cúpláil

Cur síos cuir in eagar

is orgánach é heirmeafraidíteach a bhfuil orgáin atáirgthe iomlána nó pháirteacha aige agus a tháirgeann gaiméití a mbíonn baint acu de ghnáth leis an dá ghnéas, fireann agus baineann. Ní bhíonn gnéasanna ar leithligh ag go leor grúpaí tacsanomaíocha (inveirteabraigh den chuid is mó) d'ainmhithe.

Sna grúpaí seo, is gnáthriocht é an hearmafraideachas, rud a chumasaíonn cineál atáirgthe ghnéasaigh inar féidir le ceachtar páirtí gníomhú mar an “baineann” nó “fireann”.

Mar shampla, is heirmeafraidítigh, iad formhór mór na Urochordata, Pulmonata (seilide) Opisthobranchia (seilide) Annelida (cuiteog) Gastropoda (drúchtín). Tá hearmafraideachas le fáil freisin i roinnt speiceas éisc ach ní a oiread céanna i veirteabraigh eile. Is heirmeafraidítigh iad an chuid is mó de na plandaí freisin.

Féach freisin cuir in eagar

  1. Matt Hussey (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim).