Herbert Hall Turner
Réalteolaí agus seismeolaí Sasanach ab ea Herbert Hall Turner a rugadh i Leeds ar an 13ú Lúnasa 1861 agus a fuair bás i Stócólm ar an 20ú Lúnasa 1939. Bhí sé ina Ollamh le Réalteolaíocht (Ollúnacht Henry Savile) in Ollscoil Oxford, agus é i gceannas ar Réadlann Radcliffe, ón mbliain 1893 go lá a bháis.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 13 Lúnasa 1861 Leeds, England |
Bás | 20 Lúnasa 1930 69 bliana d'aois Stócólm, An tSualainn |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Londan Coláiste na Tríonóide, Cambridge Coláiste Clifton Scoil Nua-Aimseartha Leeds |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Réalteolaíocht |
Gairm | réalteolaí, seismeolaí, múinteoir ollscoile |
Fostóir | Ollscoil Oxford |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Gradam a fuarthas |
Sa réalteolaíocht, d'ainmnigh sé an t-aonad faid úd parsoic. Sa tseismeolaíocht, ba eisean a d'aithin roimh aon duine na creathanna talún le fócas domhain (na creathanna talún plútónacha).