Herman Dreer

údar Afra-Mheiriceánach

Oideachasóir, údar, agus ministir Mheiriceánach ab ea Herman Dreer (1888–1981). Bhí sé ina cheannaire ar an ngluaiseacht ar son cearta sibhialta d'Afrai-Mheiriceánaigh; i measc gníomhaíochtaí eile, d’oscail sé coláiste agus bhunaigh sé banc don phobal Afrai-Mheiriceánach in St. Louis, Missouri.[1][2][3][4]

Infotaula de personaHerman Dreer
Beathaisnéis
Breith12 Meán Fómhair 1888
Washington, D.C. Cuir in eagar ar Wikidata
Bás7 Lúnasa 1981
92 bliana d'aois
St. Louis, Missouri Cuir in eagar ar Wikidata
Ministir
1950 – 1970 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachMeiriceánaigh Afracacha
ReiligiúnBaisteachas
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Bowdoin
Cliarscoil Diagachta Virginia
Ollscoil Chicago Cuir in eagar ar Wikidata
Céim acadúildochtúireacht
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, aire rialtais, riarthóir acadúla, staraí, múinteoir, uachtarán ollscoile Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Stáit Harris-Stowe
Ollscoil Douglass
Coláiste MacMurray Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla agus an Laidin
Saothar
Suíomh a chartlainne
Teach Herman S. Dreer

Rugadh Dreer ar 12 Meán Fómhair 1888 in Washington, D.C. Bhain sé céim bhaitsiléara amach ó Choláiste Bowdoin in Brunswick, Maine, céim mháistreachta ó Chliarscoil Diagachta Virginia, agus Ph.D. sa tsocheolaíocht ó Ollscoil Chicago sa bhliain 1955.[5] Phós sé Mary Thomas sa bhliain 1912 agus bhí beirt iníonacha acu. Chuir siad fúthu in St. Louis i 1914.[5]

Chonaic sé an easpa deiseanna oideachais a bhí ag an bpobal Afrai-Mheiriceánach i gcathair St. Louis. Dá bharr sin, bhí ról lárnach aige i mbunú Ollscoil Douglass i 1935, Coláiste Stowe (coláiste oiliúna múinteoirí) i 1940, agus throid sé ar son imeascadh ciníocha in Ollscoil Washington in St. Louis sna 1940idí.[5]

Scríobh Dreer do pháipéir nuachta agus d'iris darb ainm “Negro History” a bhunaigh Carter G. Woodson. Scríobh sé dhá úrscéal, agus chuir sé cnuasach de scríbhinní Afrai-Mheiriceánacha in eagar.[1] Bhí sé ina mhinistir in King's Way Baptist Church ó 1950 go 1970.[5]

Cuireadh an teach a cheannaigh sé ó fhorbróir (4335 Cote Brilliante Avenue, St. Louis) ar Chlár Náisiúnta na nÁiteanna Stairiúla in 2009.

Tá bailiúchán dá chuid páipéar i gcartlann ag an State Historical Society of Missouri.[6]

Scríbhinní cuir in eagar

  • “Negro Leadership in St. Louis: A Study in Race Relations”, tráchtas Ph.D.
  • The History of Omega Psi Phi Fraternity: A Brotherhood of Negro College Men, 1911 to 1939
  • The Immediate Jewel of His Soul, a romance, úrscéal[7]
  • The Tie That Binds, úrscéal [8]
  • American Literature by Negro Authors, eagarthóir [9]
  • Sunrise: a drama in four acts
  • “What Does the Innocent Teacher Impart as History?” [10]

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 NATIONAL REGISTER OF HISTORIC PLACES REGISTRATION FORM: Dreer, Dr. Herman S.. House”. mostateparks.com. Dáta rochtana: February 25, 2022.
  2. HERMAN H. DREER: A Twentieth Century Black Radical Curriculum Activist - ProQuest”. www.proquest.com.
  3. "Black History--As told by Herman Dreer (Who wrote for the St. Louis Argus) 1993 Pt1". St. Louis Post-Dispatch 53 (February 25, 1993).
  4. Early, Gerald Lyn (1998). "Ain't But a Place: An Anthology of African American Writings about St. Louis" (in en). Missouri History Museum. 
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 "Herman Dreer (1889–1981)". missouriencyclopedia.org. Dáta rochtana: 2022-08-27.
  6. Herman Dreer Papers | The State Historical Society of Missouri”. collections.shsmo.org.
  7. The immediate jewel of his soul; a romance”. Library of Congress. Dáta rochtana: 2022-02-25.
  8. St. Louis Historic Preservation”. dynamic.stlouis-mo.gov.
  9. Dreer, Herman 1889- [WorldCat Identities]”.
  10. The Journal of Negro History | Vol 25, No 4” (en). The Journal of Negro History. Dáta rochtana: 2022-02-25.