Hubert Thomas Knox
Staraí Éireannach ba ea Hubert Thomas Knox MRIA FRSAI (1845–1921).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1845 |
Bás | 1921 75/76 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Scoil Harrow Windlesham House School (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | staraí, abhcóide |
Teaghlach
cuir in eagarAn tríú mac ba ea é le Charles Knox as Baile an Róba,[1][2] a bhí ina Ard-Sirriam Mhaigh Eo sa bhliain 1860 agus coirnéal i Mílíste Thuaisceart Mhaigh Eo. Lady Louisa Browne, deirfiúr George Browne, 3ú Marcas Sligigh, ba ea a mháthair. Bhí a dheartháir is sine, Charles Howe Cuff Knox, ina Ard-Sirriam Mhaigh Eo sa bhliain 1873, coirnéal sa 3ú cathlán desna Fiannóglaigh Chonnacht agus captaen an 8ú Hussars.[2] James Cuffe, 1d Bharún Thír Amhlaidh ba ea a shin-seanathair.
Gairm bheatha
cuir in eagarCuireadh oideachas air ag Windlesham House School agus Harrow School.[3] Rinne sé Dlí ag Middle Temple ag tosú sa bhliain 1863 agus glacadh leis mar abhcóide sa bhliain 1868. Bhí sé ar feadh scaithimh sa Indian Civil Service ag Visakhapatnam,[1] agus freisin sa Nilgiris district.
Scríobh sé roinnt leabhar fair stair na hÉireann. Toghadh é mar comhalta an Royal Society of Antiquaries of Ireland sa bhliain 1896.[4]
Saothair
cuir in eagar- The De Burgo clans of Galway, Journal of the Galway Archaeological and Historical Society, imleabhar one, ii; The manor of Admekin (Headford) in the thirteenth century, iii, 1900–01
- Notes on the Early History of the Dioceses of Tuam, Killala and Achonry, 1904.
- The History of Mayo to the Close of the Sixteenth Century, 1908.
Naisc sheachtracha
cuir in eagar- The History of Mayo to the Close of the Sixteenth Century via archive.org
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 Teimpléad:Cite Men-at-the-Bar
- ↑ 2.0 2.1 Teimpléad:Lua idirlín web
- ↑ Malden, Henry C. (1902). "Muster Roll. Windlesham House, Brighton. A.D. 1837 to 1902". Brighton: H. & C. Treacher.
- ↑ "Proceedings (Second General Meeting)" (Iúil 1896). The Journal of the Royal Society of Antiquaries of Ireland 6. JSTOR 25508319.