Hugh O'Flaherty

sagart Éireannach

Ba shagart Éireannach Caitliceach Rómhánach é Hugh O'Flaherty,Aodh Ó Flatharta, an "falcaire fiáin na Vatacáine" (28 Feabhra 189830 Deireadh Fómhair 1963).[1] I rith an Dara Cogadh Domhanda, bhí an Monsignor gníomhach sa Róimh ar son na bpríosúnach, ar son Giúdaigh agus éinne eile a d’fhéadfadh a bheith tógtha ag na húdaráis.

Infotaula de personaHugh O'Flaherty

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith28 Feabhra 1898
Contae Chorcaí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás30 Deireadh Fómhair 1963
65 bliana d'aois
Cathair Saidhbhín, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Stróc)
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Bhréanainn, Cill Airne
Coláiste Mungret Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmtaidhleoir, sagart Caitliceach Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Find a Grave: 9746876 Cuir in eagar ar Wikidata

Deirtear gur shábháil an Flathartach na mílte daoine i rith an uafáis.[2] Chabhraigh an Moinsíneoir le breis is sé mhíle duine teacht slán ó Gestapo na Naitseach san iomlán, is cosúil.[3]

Cill Áirne

Eachtraí cuir in eagar

As Cathair Saidhbhín (i gContae Chorcaí) ab ea é ó dhúchas. Ba dhuine an-mheabhrach é. Bhí ardoideachas air –bronnadh trí cinn de dhochtúireachtaí air agus bhí máistreacht aige ar sheacht gcinn de theangacha. Níorbh aon iontas é gur choinnigh an Eaglais sa Róimh é, seachas é a chur ar ais ag obair i bparóiste éigin.

 
Cuimhneacháin i gCill Airne

Sa Vatacáin cuir in eagar

 

Sna 1940idí, sagart sa Vatacáin a bhí ann. Bhí an Flathartach ceaptha a dhul chuig an Afraic Theas toisc go raibh easpag Capetown ina phátrún aige, ach iarradh air fanacht sa Róimh agus tugadh post ardleibhéil dó.

Bhí an Moinsíneoir an-mhór le maithe agus móruaisle na Róimhe- chuidigh a scil i gcúrsaí gailf go mór leis, scil a d’fhoghlaim sé ar ghalfchúrsa Chathair Saidhbhín.

Bhí mioneolas aige ar an Róimh, rud a bhí an-úsáideach nuair a bhí sé ag obair le príosúnaigh agus le teifigh a bhí ag iarraidh éalú ó na Naitsithe.

Dream iad na Pamphilj a sheas i gcoinne an fhaisisteachais san Iodáil agus ba chosúil gur chuidigh siad go mór le hiarrachtaí an Moinsíneoir O’Flaherty agus dreamanna eile, daoine a coinneáil ó ghreim na Naitsithe.

Nuair a bhí an cogadh ag druidim le deireadh, agus go mbíodh an Moinsíneoir i gcomhar le hambasadóir na Breataine agus a bhuitléara, John May, ag ceilt príosúnach ón mBreatain go háirithe, tháinig sé i gcabhair ar Sam Derry den Royal Artillery.[4] As sin amach bhí breis cabhrach aige féin chun an líne éalaithe a dhaingniú.

Scéal 'Éalú' cuir in eagar

Dúradh go raibh an Flathartach in ann éide bhréige a chur air féin go minic chun éalú ó na Naitsithe san Iodáil. Mar shampla, oíche amháin agus é ar cuairt ar a chara an Prionsa Doria Pamphilj, ar Via del Corso, tháinig buíon saighdiúirí Gearmánacha ar a thóir. De léim, rith sé síos chuig an íoslach, áit a raibh gual á chur síos i ‘siúit’ don phálás.

 
Trá Lí

Chaith sé smúdar guail ar a chorp ó bhun go barr, sháigh a chuid éadaí sagairt isteach i mála guail, agus shiúil amach faoi shrón na saighdiúirí in éindí leis na fir ghuail eile.

‘Fathach fir’ cuir in eagar

Gan ach 65 blain slánaithe aige, fuair an Flathartach bás i gCathair Saidhbhín i 1963.

Ba léir gur ‘fathach fir’ ar go leor bealaí a bhí sa Mhonsignor. Seasann sé amach i ngach pictiúr toisc chomh hard is a bhí sé, ach freisin is léir go raibh údarás agus muinín aige as féin. Ní haon iontas gur thug sé dúshlán na Naitsithe a bhí i gceannas ar an Róimh ag an am, tar éis titim Mhussolini agus gur éirigh leis féin agus a chiorcal comrádaithe na mílte príosúnach agus daoine eile a thabhairt slán ón dainséar mór a bhí ag bagairt orthu sa gcathair.[5]

Féach freisin cuir in eagar

Naisc sheachtracha cuir in eagar

  • Pimpernel sa Vatican, leis an léiritheoir Catherine O’Flaherty, clár TG4 in 2008.
  • ian scannán The Scarlet and the Black le Gregory Peck[6]
  • Leabhar Joseph O’Connor, My Father’s House.[7]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Oiliféar Ó Meachair. (2009). ""An tSinsearacht laistigh den Traidisiún", Irisleabhar Mhá Nuad, lch 39-66." (ga). www.irisleabhar.ie. Dáta rochtana: 2020-10-30.
  2. Mairéad Ní Nuadháin. "Cárta Nollag ón Róimh – faoiseamh ar fáil ó na carúil i dteannta an Phápa Innocent X agus an Monsignor Hugh O’Flaherty" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-10-30.
  3. Pádraig Ó Fiannachta. (2015). "Irisleabhar Mhá Nuad / Turas Phádraig ’on Róimh, lch 277-282." (ga). www.irisleabhar.ie. Dáta rochtana: 2023-03-10.
  4. Pádraig Ó Fiannachta. (2015). ""Turas Phádraig ’on Róimh". Irisleabhar Mhá Nuad, lch 277-282." (ga). www.irisleabhar.ie. Dáta rochtana: 2020-10-30.
  5. "‘Pimpernel sa Vatican’ – 125 bliain ó shin a rugadh Hugh O’Flaherty, fathach fir" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-10.
  6. "The Scarlet and the Black" (as en) (2023-02-01). Wikipedia. 
  7. Sarah Moss (2023-02-02). "My Father’s House by Joseph O’Connor review – the priest who defied Nazis" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2023-03-10.