Ainmníocht Aontas Idirnáisiúnta na Glan-Cheimice agus na Ceimice Feidhmí (AIGCF)

(Athsheolta ó IUPAC nomenclature)

San Ainmníocht AIGCF tá córas ann le haghaidh gach comhdhúile ceimicí a ainmniú agus tuairisciú ar eolaíocht na ceimice. Is í aidhm an chórais rialacháin a leagan amach le comhdhúile a ainmniú gan athbhrí ar fud an Domhain.

Is é an tAontas Idirnáisiúnta seo an AIGCF an t-údarás domhanda is mó ar ainmníocht cheimiceach agus ar théarmaíocht, lena n-áirítear ainmniú eilimintí nua sa tábla peiriadach; ar mhodhanna caighdeánaithe tomhais; agus maidir le meáchain adamhacha, agus go leor sonraí eile a ndearnadh meastóireacht chriticiúil orthu.