I mBéal na Stoirme (scannán 2014)

scannán 2014

Scannán de chuid Loïc Jourdain is ea I mBéal na StoirmeA Turning Tide in the Life of Man (a tháinig amach sa bhliain 2014).[1][2]

Bosca Sonraí ScannáinI mBéal na Stoirme
Buneolas
StiúrthóirLoïc Jourdain Cuir in eagar ar Wikidata
Mionsonraí
Tír bhunaidhÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú2014 Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: tt4174514 Cuir in eagar ar Wikidata
Inis Bó Finne

Scéal pearsanta John O’Brien atá sa scannán seo, a rinneadh thar thréimhse ocht mbliana. Iascaire beag ó Inis Bó Finne ba é an tUasal O’Brien a sheas roimh na húdaráis san Eoraip chun a chearta iascaireachta seanbhunaithe i bhfarraigí Dhún na nGall a chosaint.[3]

Léargas atá sa scannán seo ar na dúshláin mhóra a bhíonn le sárú ag iascairí beaga agus ag na pobail ina maireann siad. Feictear Seán ag bualadh le boic mhóra sa Bhruiséil féachaint an féidir leis dul i gcion orthu agus cearta iascaigh a shinsear sna farraigí amach ó chósta Thír Chonaill a chosaint.[4]

Déantar iarracht sa scannán teacht ar fhoinsí na ndúshlán is na ndlíthe a gcaithfidh iascairí dul i ngleic sa lá inniu agus ciortar an tionchar atá ag cinnithe polaitíochta ar shlí bheatha agus ar shaol pobail bheaga cois farraige.[4]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "A Turning Tide in the Life of Man (2014) - IMDb" (as en-US) . 
  2. "A Turning Tide in the Life of Man" (en-GB). South Wind Blows. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-08-24. Dáta rochtana: 2021-08-24.
  3. Club Scannán (2015). "I mBéal na Stoirme" (ga-ie). Club Scannán Sailearna. Dáta rochtana: 2021-08-24.
  4. 4.0 4.1 "Iascairí na linne seo ‘I mBéal na Stoirme’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-08-24.