Is éard atá i gceist leis an iarmhairt ouzoeibleacht bhainniúil ola-in-uisce a chruthaítear nuair a chuirtear uisce isteach in ouzo nó i licéarbiotáille eile de bhlas ainíse, leithéidí pastis rakı, arak, sambuca nó apsainte. Ní gá ach beag corraithe chun na heibleachtaí seo a chruthú, agus bíonn siad go han-chobhsaí.[1]

An iarmhairt ouzo le linn ullmhúcháin apsainte

Próiseas cuir in eagar

Tarlaíonn an iarmhairt ouzo nuair a thuaslagtar bláthola láidir-hidreafóbach, cosúil leis an tras-anatól (en), i dtuaslagóir atá somheasctha le huisce, leithéidí eatánóil, agus a íslítear tiúchan an tuaslagóra trí braonacha beaga uisce a chur isteach ann nó trí galú a dhéanamh ar an tuaslagóir.

Go hiondúil, ní bhíonn na heibleachtaí ola-in-uisce cobhsaí, mar sin tá an eibleacht seo an-neamhghnách. I bhformhór na dtuaslagán, comhtháthaíonn na braonacha ola go dtí go mbíonn an ola agus an t-uisce scartha go léir óna chéile. Chun bac a chur air seo, ní mór gníomhaí dromchlach a chur isteach sa tuaslagán, nó caithfidh an tuaslagán a chorraí go láidir. I meascán uisce-agus-ouzo, áfach, tarlaíonn an comhtháthú seo go drámata níos fadálaí.

Feidhmeanna cuir in eagar

Tá a lán feidhmeanna tráchtála ag na heibleachtaí seo – mar shampla, i dtáirgí bia ullmhaithe, i nglantaigh, agus i dtáirgí corp-aire. Tá súil ag na heolaithe an iarmhairt ouzo a úsáid chun níos mó táirgí a chruthú: táirgí nach féidir a dhéanamh ar bun tráchtála go dtí seo mar nach féidir bealach saor go leor a aimsiú a chuirfeadh bac ar na heibleachtaí scaradh óna chéile. Toisc go bhfuil an eibleacht a chruthaítear tríd an iarmhairt ouzo chomh cobhsaí, níorbh fhadhb é seo a thuilleadh dá n-aimseofaí bealach chun an eibleacht áirithe seo a úsáid i ndéantús tráchtála.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Wayback Machine" (2009-03-18). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2009-03-18. Dáta rochtana: 2018-07-20.
  2. François Ganachaud, Joseph L. Katz (2005-02-11). "Nanoparticles and Nanocapsules Created Using the Ouzo Effect: Spontaneous Emulsification as an Alternative to Ultrasonic and High-Shear Devices" (as en). ChemPhysChem 6 (2): 209–216. doi:10.1002/cphc.200400527. ISSN 1439-4235.