Ceantar tuaithe, nó kunta, in Oirthear na Fionlainne é Ilomantsi. Is é an áit is faide thoir i mórthír an Aontais Eorpaigh (tá an Chipir agus oileán La Réunion níos faide thoir fós). Timpeall ar shé mhíle duine atá ina gcónaí ansin. Baill den Eaglais Ortadocsach iad 17.9 % de mhuintir Ilomantsi - an céatadán is airde ar fud na Fionlainne.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilIlomantsi

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 62° 40′ 20″ N, 30° 55′ 50″ E / 62.6722°N,30.9306°E / 62.6722; 30.9306
Stát ceannasachan Fhionlainn
Regional State Administrative Agency (en) AistrighRegional State Administrative Agency for Eastern Finland (en) Aistrigh
Réigiún de chuid na FionlainneAn Chairéil Thuaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán4,406 (2023) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1.59 hab./km²
Teanga oifigiúilan Fhionlainnis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Suite san aonán críochach staitistiúilJoensuu sub-region (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla2,763.4 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1875
Eagraíocht pholaitiúil
Comhlacht reachtachcomhairle bardasach Ilomantsi Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Suíomh gréasáinilomantsi.fi Cuir in eagar ar Wikidata

Labhraíonn seandaoine Cairéilis fós, agus chuaigh a lán focal Cairéilise in úsáid sa leathchaint áitiúil. Mar shampla, tugtar Pogosta ar bhaile mhór Ilomantsi. Bhronn an áit seo a hainm ar "ghalar Pogosta", galar matán a bhíonn á iompar ag na míoltóga, go háirithe nuair a bhíonn an samhradh ag druidim chun deiridh.

Sa gheimhreadh, i Mí na Márta de ghnáth, bíonn lucht na sciála ag glacadh páirte i dTuras Scíála Pogosta (Pogostan hiihto). Tógann an turas sciála deireadh seachtaine amháin. Is é lárionad lúthchleasaíochta Parppei áit thosaithe agus chríochnaithe an turais.

Ritheann Runon ja rajan tie ("Bóthar na Filíochta agus na Teorann"), bealach turasóireachta Oirthear na Fionlainne, trí Ilomantsi.