Bíonn imchlúdach víris[1] ag roinnt víreas (e.g. VEID agus go leor víreas ainmhithe) a chlúdaíonn a gcuid caipsidí próitéine cosantacha.[2] Is iondúil go bhfaightear na himchlúdaigh ó chodanna de na cillscannáin óstacha (fosfailipidí agus próitéiní), ach go gcuimsíonn siad roinnt gliceapróitéiní víreasacha. D'fhéadfadh siad cabhrú le víris córas imdhíonachta an óstaigh a sheachaint. Is féidir le gliceapróitéiní ar dhromchla an imchlúdaigh suíomhanna gabhdóra a aithint agus a cheangal ar scannán an óstaigh. Comhtháthaíonn an t-imchlúdach víris ansin le scannán an óstaigh, rud a ligeann don chaipsid agus an géanóm víreasach an t-óstach a iontráil agus a ionfhabhtú.

Sceitse de chítimeigilivíreas

Tagairtí cuir in eagar

  1. “imchlúdach víris” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-04-01.
  2. "Introduction to Viruses". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2008-11-10. Dáta rochtana: 2024-04-01.

Naisc sheachtracha cuir in eagar