Aerárthach atá in ann éirí den talamh agus tuirlingt go ceartingearach[1] is ea héileacaptaringearán[2].

Bosca Sonraí AerárthachIngearán
Cineálrotorcraft (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Úsáideitlíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Oibreoir(í)
Ingearán 1922.
Ingearán ag foluain.

Aeraidinimic cuir in eagar

Faigheann héileacaptar ardú ó thacar eití cothrománacha le trastomhas mór, fuinnmhithe chun rothlaithe. Brúnn na heití seo an t-aer síos, rud a sholáthraíonn fórsa ardaithe don aerárthach.

 
Eurocopter Tiger

Faigheann sé fórsa tiomána chun tosaigh tríd an héileacaptar is plána na n-eití a chlaonadh sa treo eitilte is mian, agus uillinneacha na n-eití leis an gcothromán a athrú rud beag is iad ag rothlú.

Feidhmeanna cuir in eagar

Tá an héileacaptar an-áisiúil mar is féidir é éirí agus tuirlingt gan rúidbhealach. Níl an buntáiste céanna ag eitleáin. Níl an luas céanna ag ingearáin 'is atá ag eitleáin.

 

Baintear an iliomad feidhm as ingearáin.

  • Seirbhísí cuardaigh agus tarrthála. Iompraíonn siad daoine, baintear feidhm astu mar otharcharr san aer chun daoine gortaithe nó gonta a iompú go mear chuig otharlanna. Agus baintear feidhm astu chun daoine atá i mbaol a chuardach mar shampla daoine san fharraige nó i bhfolach ar bharr sléibhe nó i gcoill.
  • Póilíneacht. Baineann póilíní ar fud an domhain feidhm astu chun cabhrú leo nuair a mbíonn gá le leanúint nó súil eile san aer. Is uirlis fhíor-thábhachtach dóibh ingearán chun faire ar rudaí atá ag tarlú ar an dtalamh.
  • Cogadh. Tá ingearáin chomhraic ann freisin. Baineann sochraidí cogúla leas astu in áiteanna ina bhfuil cogadh á fhearadh ann. Is uirlis chogaidh mharfacha iad. Eitlítear iad chun luíochán a dhéanamh ar shaighdiúirí nó suíomh faoi leith ar an dtalamh. Iompraíonn siad saighdiúirí isteach agus amach ó láthair comhraic.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
  2. preabaire spéire fiú