Oileán Iomaí
Is oileán Éireannach amach ó chósta Contae na Gaillimhe[1] í Iomaí[2] (nó Iomaidh, Iomaidh Féichín, Oileán Iomaidhe ),
(ga) Iomaí | ||||
Cineál | Oileán taoidmhear agus oileán | |||
---|---|---|---|---|
Logainm.ie | 1166277 | |||
Suíomh | ||||
Limistéar riaracháin | Éire | |||
| ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Atlantach | |||
Tréithe | ||||
Achar | 2.165 km² | |||
Mainistir
cuir in eagarSuíomh de mhainistir Éireannach is ea Iomaidh (Béarla: Omey), ar bhunaigh Naomh Féichín í sa 7tú haois.[3] Ba é Naomh Feichín é féin a thóg an mhainistir agus a bhunaigh pobal manach ar an oileán sa 7ú haois. Mhair an mhainistir ar feadh tuairim is 200 bliain go dtí gur fhág cora crua an tsaoil lorg buan ar an bpobal. Rinne na Lochlannaigh ruathar ar an oileán sa 9ú haois.[4]
Bánaíodh an ceantar aimsir an Ghorta Mhóir sa 19ú hAois.
Sa bhliain 1981, tháinig seandálaithe ar Mhainistir Naomh Feichín, neadaithe i measc na ndumhcha cois cladaigh ar Oileán Iomaí.
In 2023 a thosaigh an oilithreacht, ócaid bhliantúil atá beartaithe feasta. Tá saibhreas oidhreachta agus draíocht spioradálta ag baint leis an mainistir i gcónaí, dar le muintir na háite.[4]
Inniu
cuir in eagarTá an t-oileán tréigthe le fada an lá. Dúnadh an Scoil Náisiúnta i 1973.
Bliain | Daonra | ±% | Bliain | Daonra | ±% | Bliain | Daonra | ±% |
1841 | 397 | - | 1936 | 65 | −8.5% | 1986 | 12 | −42.9% |
1851 | 205 | −48.4% | 1946 | 67 | +3.1% | 1991 | 12 | 0.0% |
1861 | 247 | +20.5% | 1951 | 66 | −1.5% | 1996 | 4 | −66.7% |
1871 | 281 | +13.8% | 1956 | 54 | −18.2% | 2002 | 4 | 0.00% |
1881 | 219 | −22.1% | 1961 | 45 | −16.7% | 2006 | 2 | −50.0% |
1891 | 126 | −42.5% | 1966 | 39 | −13.3% | 2011 | 1 | −50.0% |
1901 | 115 | −8.7% | 1971 | 34 | −12.8% | 2016 | 0 | 0.00% |
1911 | 101 | −12.2% | 1979 | 21 | −38.2% | |||
1926 | 71 | −29.7% | 1981 | 21 | 0.0% | |||
Is féidir tabhairt faoin gcuaird trasna an chladaigh agus lagtrá ann, ach ní mór filleadh arís ar an míntír sula mbéarfaidh an taoide ar na gluaisteáin.[4]
Bíonn rásaíocht capall ar an trá gach samhradh.
Foinsí
cuir in eagar- ↑ amach ó iarthuaisceart Chonamara
- ↑ “Iomaí/Omey Island | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
- ↑ "Oileán naofa agus oileán fuilteach – taisí eile faighte in Iomaí amach ó Chonamara" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-06.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 Nuacht RTE (2024-06-03). "Searmanas speisialta i Mainistir Naomh Feichín" (as ga-IE).
- ↑ Central Statistics Office. "CNA17: Population by Off Shore Island, Sex and Year". Dáta rochtana: ctober 12, 2016.