Sa mhatamaitic, is éard is iomalartú ann ná eagar de roinnt rudaí in ord áirithe.[1] Go garbh, is éard atá i gceist le iomalartú tacar, socrú dá chomhaltaí i seicheamh nó in ord líneach, nó má tá an tacar ordaithe cheana féin, atheagrú ar a eilimintí.

Is iomalartú difriúil de thrí liathróid ar leith gach ceann de na sé shraith

Má scríobhtar na litreacha A, B agus C ina líne, ceann i ndiaidh a chéile, 6 eagar is féidir a bheith orthu: ABC ACB BAC BCA CAB CBA.

Iomalartú a thugtar ar gach eagar; mar sin 6 iomalartú dhifriúla is féidir a bheith ann.

Tagraíonn an focal " iomalartú" freisin don ghníomh nó don phróiseas chun ord líneach tacar ordaithe a athrú.

Tagairtí cuir in eagar