Ionsaí roicéad ar cheardscoil Makiivka


Tharla ionsaí roicéad ar cheardscoil Makiivka in Oblast Donetsk ar Oíche Chinn Bliana 2022 - Lá Caille 2023. Maraíodh líon mór saighdiúirí Rúiseacha mar gheall ar an ionsaí a rinneadh ar bhunáit shealadach dá gcuid in oirthear na hÚcráine.[1]

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIonsaí roicéad ar cheardscoil Makiivka
Map
 48°03′19″N 37°54′54″E / 48.0553°N 37.915°E / 48.0553; 37.915
Cineálbuille diúracáin
military strike (en) Aistrigh
tuairgneáil Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deEastern Ukraine campaign (en) Aistrigh agus ionradh na Rúise ar an Úcráin Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse31 Nollaig 2022 - 1 Eanáir 2023
SuíomhMakiivka, An Úcráin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata, Kírovski raion, An Úcráin (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Úcráin Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
SpriocFórsaí Armtha na Rúise Cuir in eagar ar Wikidata
ArmM142 HIMARS (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
roimh an ionsaí agus ina dhiaidh[2]
roicéad Himars

Ionsaí cuir in eagar

Scriosadh an cheardscoil uimhir 19 in Makiivka go hiomlán; bhí cathlán tacaíochta de chuid na Rúise ina cónaí ann agus bhí armlann lonnaithe ann chomh maith;. Bhuail an chéad roicéad an bhunáit mhíleata ag 23ː57 ar Oíche Chinn Bliana, ionsaí eile ag 23ː59 agus an ceann deireanach ag meán oíche. Léirigh an smionagar déine na buamála.

Dar le Roinn Cosanta na Rúise, maraíodh 89 saighdiúir. Ach mhaígh Arm na hÚcráine i ráiteas,gur beagnach 400 saighdiúir Rúiseach a maraíodh mar gheall ar an ionsaí. De réir foinsí neamhoifigiúla eile sa Rúis (na blagálaithe), maraíodh cúpla céad agus gortaíodh cúpla céad eile. Bhí sé deacair a bheith cinnte cé mhéad saighdiúir a bhí fágtha faoin smionagar.

Ionsaithe de chuid na Rúise cuir in eagar

Ar gnáthchúrsa laethúil é faoin tráth seo, bhí na Rúisigh ag díriú a gcuid diúracán féin ar phríomhchathair na hÚcráine, Cív, agus ar chathracha eile, agus rún acu an oiread damáiste a dhéanamh do bhonneagar na háite agus is féidir leo.[3] Buaileadh roinnt saoráidí fuinnimh agus gearradh an chumhacht in áiteanna sa chathair ar feadh scaithimh dá bíthin. ionsaithe neamhdhlíthiúla. Ach níor bhain dlíthe idirnáisiúnta leis an Rúis níos mó.

Dhearbhaigh méara Chív go raibh rath ar dhrochobair an namhad.[4]

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Nuacht RTÉ (2023-01-02). "Líon mór saighdiúirí Rúiseacha maraithe in ionsaí diúracán" (as ga-IE). 
  2. euromaidanpress.com (3 Eanáir 2023). "Alleged HIMARS strike killed “hundreds” of Russian troops during Putin’s New Year address in Donetsk’s Makiivka – media". Dáta rochtana: 4 Eanáir 2023.
  3. "Ukraine war: Deadly explosions hit Kyiv on New Year's Eve" (en-GB). BBC News (2022-12-31). Dáta rochtana: 2023-01-05.
  4. "Kiev mayor reports damage after five days of massive drone attacks" (en-US). MIA. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-01-05. Dáta rochtana: 2023-01-05.