Cumann Léann Éireann na hAstráile agus na Nua-Shéalainne
Spreagann Cumann Léann Éireann na hAstráile agus na Nua-Shéalainne (Béarla: Irish Studies Association of Australia and New Zealand nó ISAANZ) a chuid ball chun staidéar a dhéanamh ar Éirinn agus ar shliocht na nÉireannach san Astráile, sa Nua-Shéalainn agus i dtíortha eile trí eolas agus scéala a chur á spré ina measc.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | cumann léinn |
Suíomh gréasáin | https://isaanz.org/ |
Ballraíocht
cuir in eagarTá na rudaí a leanas ar fáil ag na baill:
- Cóip bhliantúil den Australasian Journal of Irish Studies
- Nuachtlitreacha
- Eolas ar ócáidí léinn Éireannaigh ar fud na hAstráile
Australasian Journal of Irish Studies (AJIS)
cuir in eagarIris léannta de chuid ISAANZ is ea AJIS (Iris Astraláiseach an Léinn Éireannaigh). Thugtaí Australian Journal of Irish Studies uirthi agus leantar fós den sean-uimhriú. Iris bhliantúil phiarmheasúnaithe í agus ábhar de chuid na Nua-Shéalainne inti anois.
Tá ailt ar chúrsaí staire, litríochta, polaitíochta, scannánaíochta, drámaíochta agus creidimh san iris. Tá fáilte ar leith aici roimh ailt a bhfuil buntaighde ar Éireannaigh na Nua-Shéalainne iontu.
Comhdhálacha
cuir in eagarBíonn comhdhálacha Astraláiseacha Léinn Éireannaigh ar siúl gach dhá bhliain faoi choimirce ISAANZ.
Bhí an chéad cheann ann sa bhliain 1981, agus tá cúig cinn déag eile reachtálaithe ó shin i leith. Tá roinnt de na páipéir le fáil i sraith na "Irish-Australian Conference Proceedings" agus san AJIS. Tháinig dhá alt thábhachtacha bhibleagrafacha ó lámh an Dr Val Noone ar an ábhar seo: "Nine Irish-Australian Conference Publications: Content and Context"[1] agus "Recent Australian Irish research papers, 1998-2007"[2]