Itamar Ben-Gvir
Dlíodóir agus polaiteoir Iosraelach is ea Itamar Ben-Gvir (Eabhrais: אִיתָמָר בֶּן גְּבִיר ; Araibis:ايتمار بن جبير: a rugadh Bealtaine 1976 ), a fheidhmíonn mar Aire um Shlándáil Náisiúnta.[1] Tá sé ina bhall freisin den Knesset agus ina cheannaire ar Otzma Yehudit.[2][3] Tá cur síos déanta air mar dhuine atá i bhfad ar dheis ar an speictream polaitiúil.[4][5]
Ainm sa teanga dhúchais | (he) איתמר בן גביר |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 6 Bealtaine 1976 48 bliana d'aois Mevaseret Zion, Iosrael |
Aire um Shlándáil Náisiúnta. | |
29 Nollaig 2022 – ← Omer Bar-Lev | |
Ball den Knesset | |
20 Samhain 2022 – luach ar iarraidh Téarma parlaiminte: 25th Knesset (en) | |
Ball den Knesset | |
15 Samhain 2022 – 20 Samhain 2022 Téarma parlaiminte: 25th Knesset (en) | |
Ball den Knesset | |
3 Iúil 2022 – 15 Samhain 2022 Téarma parlaiminte: 24th Knesset (en) | |
Ball den Knesset | |
6 Aibreán 2021 – 3 Iúil 2022 Téarma parlaiminte: 24th Knesset (en) | |
Ceannaire páirtí Otzma Yehudit | |
2019 – ← Michael Ben-Ari | |
Faisnéis phearsanta | |
Idé-eolaíocht pholaitíochta | Jewish fascism (en) |
Reiligiún | Giúdach Ceartchreidmheach |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ono Academic College (en) |
Áit chónaithe | Kiryat Arba (en) |
Teanga dhúchais | an Eabhrais |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | Iarúsailéim |
Gairm | dlíodóir, polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Otzma Yehudit The Religious Zionism (en) |
Ball de | |
Gluaiseacht | Anti-Arab racism (en) , forchiníochas, polaitíocht radacach agus Kahanism (en) |
Teangacha | An Eabhrais |
Eile | |
Ciontaíodh i | incitement to ethnic or racial hatred (en) (2007) |
Cúisíodh Ben-Gvir, lonnaitheoir sa Bhruach Thiar, sna críocha faoi fhorghabháil Iosrael, go minic sna cúirteanna as círéibeacha, óráidí athlastacha in aghaidh na nArabach, agus as bac a chur ar obair na bpóilíní. Ciontaíodh é freisin as ciníochas agus as bolscaireacht a bheith aige ar son eagraíocht sceimhlitheoireachta.
Bhí portráid aige, ina seomra suí, den sceimhlitheoir Iosraelach-Mheiriceánach Baruch Goldstein, a mharaigh 29 adhróirí Moslamach Palaistíneacha agus a ghortaigh 125 duine eile i Hebron, sa bhliain 1994, i Sléacht Mhosc Ibrahimi. Bhain sé an phortráid tar éis dó dul isteach sa pholaitíocht.[6] Ciontaíodh é roimhe seo freisin as tacú le grúpa sceimhlitheoireachta ar a dtugtar Kach, a ghlac le Kahanism, idé-eolaíocht reiligiúnach antoisceach Síónach.[7]
Faoina cheannaireacht, bhuaigh Otzma Yehudit (Gaeilge: Cumhacht Ghiúdach), páirtí a shealbhaíonn an Kahanachas agus an frith-Arabachas, sé shuíochán i dtoghchán reachtach Iosrael 2022, agus a bhfuil ionadaíocht aige i rialtas ar a dtugtar an rialtas is diongbháilte ar an eite dheas, i stair Iosrael.[8][9][10][11] D'éiligh sé go ndíbreofaí saoránaigh Arabacha Iosrael nach bhfuil dílis d’Iosrael.[11] Mar dhlíodóir, tá cáil air as radacaithe Giúdacha a chosaint ar a dtriail in Iosrael.[12]
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ “Far-right extremist gets Israeli security job as coalition deals struck” (en). The Guardian (25 November 2022). Dáta rochtana: 3 December 2022.
- ↑ “Otzma Yehudit leaders attack Jewish Home over Amona”. Israel National News (11 December 2016). Dáta rochtana: 9 July 2017.
- ↑ Israel's far-right leader Ben-Gvir wins adoring young fans
- ↑ “Itamar Ben-Gvir: Israeli far-right leader set to join new coalition”. BBC News (25 November 2022). Dáta rochtana: 22 December 2022.
- ↑ “Far-right Ben-Gvir to be Israel's national security minister”. AP NEWS (25 November 2022). Dáta rochtana: 22 December 2022.
- ↑ “Israel's far-right leader Ben-Gvir wins adoring young fans”. France24.com (27 October 2022). Dáta rochtana: 2 November 2022.
- ↑ Toosi (December 20, 2022). "Biden’s strategy for a far-right Israel: Lay it all on Bibi". Politico. Dáta rochtana: 25 December 2022.
- ↑ Keller-Lynn (29 December 2022). “Netanyahu returns as PM, wins Knesset support for Israel’s most hardline government”. The Times of Israel. Dáta rochtana: 29 December 2022.
- ↑ Kelman (27 January 2013). "Arab town doesn't love anti-Arab party". The Times of Israel. Dáta rochtana: 21 June 2015.
- ↑ Ahren (18 February 2015). "The extremist who could bring Kahanism back to the Knesset" (en-US). The Times of Israel. Dáta rochtana: 3 February 2019.
- ↑ 11.0 11.1 Magid (24 February 2019). “Otzma Yehudit candidate: Critics have to go back 30 years in order to attack us” (en-US). The Times of Israel. Dáta rochtana: 25 February 2019.
- ↑ Maltz (4 January 2016). "The Lawyer for Jewish Terrorists Who Started Out by Stealing Rabin's Car Emblem" (en). Haaretz. Dáta rochtana: 9 July 2017.