Sléacht Mhosc Ibrahimi (1994)

Ar an 25 Feabhra 1994, rinne an dochtúir Baruch Goldstein sléacht seicteach ar naonúr Palaistíneach is fiche, a bhí ag guí i Mosc Ibrahimi[1] i Heabrón.[2][3] Ach b'fhéidir gur bfhuair 50-70 bás in iomlán ar an lá sin,[4][5], agus 29-35 sna laethanta i ndiaidh na tragóide.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtSléacht Mhosc Ibrahimi
Íomhá
Map
 31°31′N 35°07′E / 31.52°N 35.11°E / 31.52; 35.11
Cineáldúnmharú líonmhar Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deIsraeli–Palestinian conflict (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana25 Feabhra 1994 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhHeabrón, Stát na Palaistíne Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna29 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe125 Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coireBaruch Goldstein Cuir in eagar ar Wikidata
Armraidhfil ionsaithe Cuir in eagar ar Wikidata


Leac uaighe, áit a bhfuil Goldstein curtha inniu
Ionad oilithreachta, áit a bhfuil Goldstein curtha inniu

Cúlra cuir in eagar

Bhain Goldstein cáilíocht amach mar dhochtúir san Albert Einstein College of Medicine,[6] Nua-Eabhrac. Is i Heabrón atá an choilíneacht mhíchlúiteach Kiryat Arba, áit a raibh tuairim is ocht gcéad Giúdach ag cur fúthu ag an am, agus bhí Goldstein ina chónaí ann sna 1990idí.[7]

Ionsaí cuir in eagar

Tá an t-ionsaí ar fad faoi fholach diamhair, fós inniu. Bhí dianslándáil i bhfeidhm sa láthair ag an am, agus an t-arm Iosraelach i mbun. Bhí Goldstein faoi éide de chuid an IDF, an t-arm Iosraelach agus raidhfil ionsaithe IMI Galil aige, rud nach raibh neamhghnách. Nuair a thosaigh an ionsaí, bhí timpeall 800 sa mhosc. Go díreach agus gan iontas, bhí slua ollmhór ann ina tháinrith. Ach thosaigh saighdiuirí eile ag scaoileadh leo, chun iarracht smut éigin de chosúlacht an oird a choinneáil, a dúirt siad, le linn an fhiosrúcháin níos déanaí.

 
Agóid sa bhliain 2010. Dúnadh an tsráid Al-Shuhada in Heabrón nuair a tharla an sladmharú, agus ní raibh na Palaistínaigh in ann dul ann.
 
Cave of the Patriarchs

Iarmhairtí cuir in eagar

Sna laethanta i ndiaidh na tragóide, fuair 20-26 Palaistíneach, agus 9 Giúdach, bás le linn agóidí éagsúla.[8][1]

Reáchtáladh fhiosrúchán. Bhí ceisteanna ann an raibh an tslándáil sách maith. Ar a laghad, bhí an IDF réchúiseach faoin tslándáila agus bhí droch-chliseadh slándála ann.

Is ionad oilithreachta inniu uaimh Goldstein do Ghiúdaigh áirithe.[9] Tá plaic ann in aice leis an uaimh leis an inscríbhinn, "He gave his life for the people of Israel, its Torah and land.".

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 "Cave of the Patriarchs" (as en) (2022-02-24). Wikipedia. 
  2. Cave of the Patriarchs massacre, Hebron
  3. Feasta Nollaig 2008 Curtha i gcartlann 2017-11-06 ar an Wayback Machine, Mo Chamchuairt sa Talamh Naofa le Colm Ó Neachtain, Feasta 62 (1), lch 28.
  4. Ami Pedahzur, Arie Perliger (2009). "Jewish Terrorism in Israel" (as en). Columbia University Press. 
  5. "Remembering the Ibrahimi Mosque massacre" (en). www.aljazeera.com. Dáta rochtana: 2022-02-26.
  6. "Albert Einstein College of Medicine" (as en) (2022-02-22). Wikipedia. 
  7. "WAFA: “Remembering the Ibrahimi Mosque massacre of 1994” – – IMEMC News" (en-US). Dáta rochtana: 2022-02-26.
  8. Spencer C. Tucker, Priscilla Roberts (2008-05-12). "The Encyclopedia of the Arab-Israeli Conflict: A Political, Social, and Military History [4 volumes: A Political, Social, and Military History]" (as en). ABC-CLIO. 
  9. mar shampla, sa bhliain 2000 ... BBC News (2000). "Graveside party celebrates Hebron massacre". news.bbc.co.uk. Dáta rochtana: 2022-02-26.